Gaois

Fuaim le logainmneacha Chontae an Chabháin

Is féidir le cuairteoirí ar www.logainm.ie éisteacht anois le comhaid fuaime atá curtha le 243 logainm i gContae an Chabháin. Cuireadh comhaid fuaime i nGaeilge agus i mBéarla le hainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na dtoghrann, chomh maith le hainmneacha roinnt gnéithe fisiciúla. Tá comhaid fuaime ag gabháil cheana le logainmneacha sna contaetha seo a leanas: Port Láirge, Gaillimh, Lú, Dún na nGall, Ciarraí, Tiobraid Árann, Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Luimneach, Liatroim, An Mhí, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Corcaigh, Ros Comáin, Loch Garman, Muineachán, An Clár, Ceatharlach, Sligeach, an Longfort, an Iarmhí, Cill Dara, Uíbh Fhailí agus Laois. Rióna Ní Fhrighil as Muinchille, Co an Chabháin , a chuir fuaim le logainmneacha an Chabháin.

Dúirt Joe McHugh TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta: “Is iontach an áis í logainm.ie do dhaoine proifisiúnta, do mhic léinn agus do dhaoine a bhfuil suim acu inár gcultúr agus teanga. Tá an-áthas orm go bhfuil forbairt agus dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ar an acmhainn thábhachtach seo. Guím gach rath ar an tionscadal amach anseo.”