Gaois

Fuaim le logainmneacha Chontae an Dúin

Is féidir le cuairteoirí ar www.logainm.ie éisteacht anois le comhaid fuaime atá curtha le 554 logainm i gContae an Dúin. Cuireadh comhaid fuaime i nGaeilge agus i mBéarla le hainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na mbailte, chomh maith le hainmneacha roinnt gnéithe fisiciúla. Robbie Hannan as Ard Mhic Nasca a chuir fuaim le logainmneacha Chontae an Dúin. Tá comhaid fuaime ag gabháil cheana le logainmneacha ó na 26 chontae ó 2015 i leith agus seo an chéad chontae i dTuaisceart Éireann ar cruthaíodh a leithéid dó. Táthar ag súil go gcuirfidh na comhaid fuaime seo treoir d’fhuaimniú áitiúil na logainmneacha ar fáil do thaighdeoirí agus don phobal ar aon.

Rinne Fiontar & Scoil na Gaeilge an obair seo i gcomhpháirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) agus leis an Northern Ireland Place-Name Project (Ollscoil na Banríona, www.placenamesni.org).

Is suíomh gréasáin é www.logainm.ie a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar os cionn 110,000 ceantar, baile, sráid agus postoifig ar fud na tíre ar fáil don phobal. Tagann suas le 34,000 cuairteoir sa mhí chuig an suíomh seo. I measc na gcuardach is coitianta a rinneadh in 2019, tá Dublin (381 cuardach), Galway (376) agus Cork (305). Is iad na logainmneacha is mó cuardach i gContae an Dúin in 2019 ná Down (117 cuardach), Bangor (62) agus Downpatrick (46).

Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí, agus aon duine eile a bhfuil leagan údarásach uaidh de logainm, teacht ar an eolas go héasca trí chuardach a dhéanamh ar www.logainm.ie. Tá an suíomh ina ábhar spéise chomh maith do dhaoine ar fud an domhain a chuireann suim in oidhreacht, i gcultúr agus i dtíreolaíocht na hÉireann.

Leantar den obair ar www.logainm.ie agus cuirtear tuilleadh logainmneacha agus áiseanna idirghníomhacha leis an suíomh ar bhonn leanúnach. Mar shampla, cuirfear *c.*14,000 sráid nua leis an mbunachar go han-luath agus tá comhéadan feidhmchláir (API) nua á bhéite-thástáil faoi láthair.

Mar sin, coinnigh súil ar an mblagmhír seo, agus ar Nuachtlitir na Seachtaine, leis an nuacht is déanaí a fháil ar na tionscadail uile!