Gaois

Gluais Sheáin Uí Dhonnabháin ar fáil ar logainm.ie

Blog post is available in Irish only

John O’Donovan (1806-61), le Charles Grey (1808-92). Íomhá © Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá an phortráid seo crochta san Acadamh Ríoga.

In 1824 chinn rialtas na Breataine go ndéanfaí suirbhéireacht ar Éirinn. Ba chuid lárnach den tsuirbhéireacht sin logainmneacha na tíre a bheith ar phár léarscáileanna. In 1830, fostaíodh Eadbhard Ó Raghallaigh le litriú Béarla na logainmneacha a shocrú; cúpla mí i ndiaidh a cheaptha d’éag sé, faraor. D’éirigh le Seán Ó Donnabháin an post sin a fháil i mí Dheireadh Fómhair 1830. Is cosúil gurbh í an ghluais seo, atá ar fáil anois ar logainm.ie, an chéad obair a rinne An Donnabhánach nuair a thosaigh sé sa tSuirbhéireacht.

Is éard atá sa leabhar lámhscríofa ná liostaí focal a bhaineann le logainmneacha na hÉireann. Tá an leabhar roinnte ina cheithre mhórchuid (tá samplaí as tugtha thíos):

  • Gluais in ord aibítre de chodanna de logainmneacha Gallda éagsúla, mar aon leis an leagan Gaeilge díobh agus aistriúchán orthu.
  • Logainmneacha bainte ón leabhar Ecclesiastical History of Ireland (1822) le Lanigan, le nótaí suntasacha ag Seán Ó Donnabháin (lch.25 den PDF ar aghaidh). Tabhair faoi deara an ortagrafaíocht éagsúil do na teangacha éagsúla.
  • Sraith d’fhocail Ghaeilge (lch.307 den PDF ar aghaidh), chomh maith le hainmneacha pearsanta agus sloinnte, atá mar chodanna de logainmneacha in Éirinn. Tá aistriúcháin i ndiaidh na bhfocal Gaeilge agus de ghnáth samplaí ábhartha de logainmneacha.
  • Leathanach amháin (lch.377 den PDF) d’ainmneacha naomh ar tiomnaíodh séipéil Éireannacha dóibh. Tá an liosta gearr seo ar an leathanach verso deireanach agus tá logainmneacha samplacha d’ainmneacha na naomh san áireamh ann.

Ní mhaireann ach cóip amháin den leabhar lámhscríofa seo; tá sé i seilbh an Bhrainse Logainmneacha. Níl aon cheist ach go bhfuil ábhar luachmhar taighde ann.

Anuas ar obair scríofa, tá roinnt ábhair eile foilsithe ar logainm.ie le gairid againn (agus ar fáil anseo): litir maidir le dréachtléarscáil teorainneacha, cuid de Cho. Mhuineacháin; dréachtléarscáil teorainneacha, cuid de Cho. Loch Garman; agus dréachtléarscáil teorainneacha, cuid de Cho. Mhuineacháin.

Léitheoireacht bhreise: de hÓir, É. (1962). Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (An chéad chló. eag.). Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo.