Gaois

Lá Fhéile Bríde

Tá meas agus cáil ar Naomh Bríd ar fud na hÉireann agus i bhfad i gcéin. Titeann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra gach bliain agus cuirtear tús leis an earrach ar an dáta céanna. Tá go leor nósanna in Éirinn a bhaineann le Lá Fhéile Bríde, ach is dócha gurb é an traidisiún a bhaineann le cros Naomh Bríd a dhéanamh an nós is cáiliúla a mhaireann fós sa tír. Tá leaganacha difriúla den chros ar fáil ar fud na tíre.

Dar leis an scéal seo dhéantaí trí chros bheaga de thuí agus de luachra. Ansin, chuirtí os cionn an dorais iad agus choinnítí gach tinneas, olc, mí-ádh agus contúirt ón teach agus ón líon tí ar feadh na bliana.

Faighimid ‘scéal bunaidh’ faoi dhéantús na croise i Maighean Rátha sa scéal seo. Bhíodh go leor sean-nósanna éagsúla eile ag baint leis na crosa chomh maith. Tá cuntas againn ó Ballymunterhiggin i nDún na nGall faoin gcaoi ar cheart cros a dhéanamh agus ar nósanna ar leith a bhain le hOíche na Féile Bríde sa cheantar úd. Tá cur síos suimiúil againn ar Oíche na Féile Bríde ó Ónainn chomh maith. Deirtear go mbíodh imeachtaí Oíche na Féile Bríde chomh mór le himeachtaí Oíche Shamhna an lá inniu, ní hamháin in Éirinn, ach in Albain agus ar Oileán Mhanann chomh maith.

Nós eile ba ea Crios Bhríde a dhéanamh agus tá leagan den chrios luaite sa scéal seo i mBailiúchán na Scol. Faightear blaiseadh de na traidisiúin a bhaineadh le Crios Bhríde a dhéanamh sa scéal thíos.Tá an scéal ina iomláine ar fáil anseo.

Chomh maith leis na nósanna a luadh roimhe seo, bhíodh nós ann píosa éadaigh a fhágáil taobh amuigh den teach, ar leac na fuinneoige mar shampla, ar Oíche na Féile Bríde. Tugadh ‘Brat Bhríde’ ar an bpíosa éadaigh agus chreideadh go raibh leigheas ar phianta agus cosaint ó chontúirt le fáil san éadach seo.

cur síos againn ar an traidisiún céanna ó Na Dromanna i gCo. Liatroma agus sampla is ea é de nós a mhaireann i gceantair áirithe sa tír go fóill! Tá ‘scéal greannmhar’ againn ó Losad i gCo. Mhuineacháin mar gheall ar chloch Naomh Bríd. Faightear blaiseadh sa scéal céanna de phiseog amháin a bhaineadh leis an sceach gheal chomh maith.

Bhaineadh ‘An Bhrídeog’ go sonrach le Lá Fhéile Bríde. Ghléasadh páistí suas agus théití ó theach go teach agus an bhrídeog á hiompar acu. Macasamhail de Naomh Bríd ba ea an bhrídeog. Tá cur síos gairid againn i scéal ó Ladhar an Chrompáin i gCo. Chiarraí den traidisiún sin. Dar leis an scéal seo bhíodh tornapa mar cheann ar an mbrídeog agus bhíodh seanghioblacha ar na páistí agus iad ag imeacht ó theach go teach. Chuireadh muintir an tí fáilte rompu agus chuireadh bean an tí biorán i mbrollach na brídeoige!

Is féidir tuilleadh scéalta a léamh faoi na sean-nósanna agus na traidisiúin a bhaineadh leis an tráth seo den bhliain ar dúchas.ie nó iad a chuardach ag an nasc seo – beannachtaí na Féile Bríde oraibh ar fad!