Gaois

Leagan nua den bhunachar téarmaíochta

Seoladh leagan nua den bhunachar téarmaíochta ar gaois.ie le déanaí agus is féidir teacht air ag an nasc seo. Faoi láthair, tá ceithre bhailiúchán sa bhunachar seo:

  1. téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR);

  2. téarmaí agus abairtí ó bhunachar Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais;

  3. téarmaí as an bhfoclóir Téarmaí Dlí (Oifig an tSoláthair 1959);

  4. téarmaí as an bhfoclóir Focal sa Chúirt (Ó Catháin 2000).

Tá gach eolas maidir le hinneachar an bhunachair téarmaíochta ar fáil ag an nasc seo. Is féidir na bailiúcháin go léir a chuardach tríd an mbosca cuardaigh. Is féidir focal nó frása i nGaeilge nó i mBéarla a chuardach agus gintear liosta torthaí don úsáideoir. Bainigí triail as!

Cuardach samplach: toghchán