Gaois

Logainm.ie ainmnithe do ghradam eir Spiders

Blog post is available in Irish only

Bunaíodh Gradaim eir Spiders sa bhliain 1996 agus is príomhghradaim na teicneolaíochta digití in Éirinn iad. Tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne. Reáchtáladh searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí Brian Ó Raghallaigh ó fhoireann na dtionscadal taighde i láthair ar an oíche thar ceann Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is é seo an 21ú bliain a reáchtáladh na gradaim agus bhí 18 gcatagóir faoi leith i gceist leis na gradaim i mbliana. Ainmníodh suíomh Logainm.ie do ghradam faoin gcatagóir Best in Digital Geography and Location-Based Services. Ar an drochuair ní raibh an bua againn ar an oíche. Tugadh an gradam don Suíomh Gaeilge is Fearr do Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus tréaslaímid an fhoireann ar fad as an obair iontach a rinneadh ar fhorbairt Portráidí.ie le tamaillín anuas.

Brian Ó Raghallaigh (Fiontar & Scoil na Gaeilge) agus Ronan Doherty (Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge) ag freastal ar shearmanas bronnta eir Spiders le déanaí.