Gaois

Logainmneacha an tSamhraidh

Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall, tá Corn an Domhain faoi lán seoil, tá an ghrian ag taitneamh agus tá an saol mór ag baint sult as tráthnónta fada an tsamhraidh. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don samhradh nó do ghné áirithe a bhaineann le míonna an tsamhraidh agus le cúrsaí aimsire. Is féidir teacht ar eolas maidir leis na mílte logainm i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus pléitear roinnt samplaí tráthúla ón mbunachar thíos.

  1. Ard na Gréine/Ardnagrena: Bíonn muintir na hÉireann ag súil le laethanta grianmhara an tsamhraidh agus leis an ngrian a fheiceáil go hard sa spéir toisc nach bhfeictear mórán den ghrian go hiondúil i gcaitheamh na bliana. Ní fios an mbíonn tuilleadh áidh leo siúd atá ag cur fúthu in Ard na Gréine i gCo. Chorcaí!
  2. Grian/Grean: Nuair a dhéantar cuardach ar an focal ‘grian’ i mbunachar logainm.ie, is é an paróiste dlí seo i gCo. Luimnigh an toradh a fhaightear ar an gcuardach. Deirtear nach léir brí an fhocail ‘grian’ sa logainm, ach tá ‘Grian Ó gCuanach’ ar fáil i gcuid de na foirmeacha stairiúla.
  3. Leaca na Gréine/Lackenagreany: Baile fearainn i gCo. Phort Láirge is ea Leaca na Gréine. Is focal coitianta é ‘leaca’ a luaitear i ngluais na bhfocal coitianta i logainmneacha na hÉireann. Is féidir gluais na bhfocal coitianta i logainmneacha na tíre a bhrabhsáil anseo. Is dócha gur ceantar deas é chun do scíth a ligean agus luí faoin ngrian le linn an tsamhraidh.
  4. Na Ceapóga Sú Talún/Strawberry Beds: Tá an áit seo suite ar bhruach na Life i mBaile Átha Cliath agus maítear gur fásadh torthaí anseo fadó agus gur díoladh iad sna ceantair mháguaird. Bíonn blas ní ba dheise ar na sútha talún le linn dhea-aimsir an tsamhraidh.
  5. Cnoc an tSamhraidh/Summerhill: Ní luaitear an focal ‘samhradh’ leis féin mar logainm faoi leith i mbunachar logainm.ie, ach is iomaí áit a luaitear an samhradh mar chuid de logainm, mar shampla, Cnoc an tSamhraidh, ainm baile fearainn atá suite in iardheisceart Cho. Dhún na nGall. Is focal coitianta é ‘cnoc’ a thagann chun cinn go minic i logainmneacha.
  6. Baile na Trá/Ballynatra: Is aoibhinn le muintir na hÉireann dul cois trá agus dul ag snámh nuair a bhíonn an aimsir go deas. Anuas air sin, bíonn saoirse ag páistí réimse leathan rudaí éagsúla a dhéanamh - dul ag snámh san fharraige, dul ag iascaireacht nó caisleáin ghainimh a dhéanamh.
  7. Áth an Ghainimh/Sandyford: Ní nach ionadh go smaoinítear ar an ngaineamh go minic agus daoine ar a mbealach chuig an trá le linn na dea-aimsire. Déan cinnte nach dtógtar aon ghainimh abhaile leat ag deireadh an lae, áfach!
  8. Achadh an Teasa/Aghintass: Tagann ardú ar an teas nuair a bhíonn an aimsir go maith, ach ní fios an mbaineann brí an logainm seo le cúrsaí teasa. Ní mór suí ar an achadh ar lá breá grianmhar agus an scéal a fhiosrú.
  9. Mothar na Seangán/Antfield: Ní hamháin go dtaitníonn an teas linne, ach is minic a mheallann an teas ainmhithe agus feithidí éagsúla amach arís tar éis choladh an gheimhridh. Is dócha go mbíonn na seangáin ag dó na geirbe do mhuintir Mhothar na Seangán i gCo. Liatroma i gcaitheamh an tsamhraidh.
  10. Snámh/Snave: Tugtar Snámh ar an gceantar seo in iardheisceart Chorcaí toisc go gcuirtí ba ag snámh trasna an uisce ansin sular tógadh droichead ann.

Tá neart logainmneacha eile den saghas seo á scaipeadh ar na meáin shóisialta againn faoi láthair agus ba bhreá linn cúpla logainm suntasacha eile a chur leis an liosta thuas. Bí i dteagmháil linn ar FacebookTwitter – ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar logainm.ie más mian leat teacht ar tuilleadh logainmneacha.

Údar: Conchúr Ó Sé (Intéirneach samhraidh)