Gaois

Logainmneacha na Nollag

Tá oícheanta fada an gheimhridh buailte linn agus tá na hullmhúcháin don Nollaig faoi lánseol i láthair na huaire. Tá na siopaí maisithe agus tá soilse ildaite crochta ar na sráideanna agus ar chuid mhór tithe araon. Agus Lá Nollag ag teannadh linn, caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don Nollaig nó do ghné áirithe a shamhlaítear leis an bhféile seo de ghnáth. Tá eolas i dtaca leis na mílte logainmneacha stóráilte i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus roghnaítear dornán díobh anseo le cíoradh i gcaitheamh laethanta beaga na Nollag.

  1. Buaile na Nollag/Boleynanollag, Gaillimh: Ní fhaightear ach aon sampla amháin den fhocal ‘Nollaig’ i logainmneacha na hÉireann i mbunachar logainm.ie, is é sin, ‘Buaile na Nollag’, ainm baile fearainn atá lonnaithe in oirdheisceart chontae na Gaillimhe.

  2. Buaile an Gheimhridh/Coldwinters, Baile Átha Cliath: Is i gcaitheamh an gheimhridh a thiteann an Nollaig, ach ní thagann an focal ‘geimhreadh’ chun cinn ach amháin sa logainm seo i mBaile Átha Cliath.

  3. Is minic a bhítear ag súil le brat bán sneachta ar lá Nollag agus ní fios go fóill an dtitfidh aon sneachta um Nollaig. B’fhéidir go mbeadh an t-ádh ar mhuintir na háite i Log an tSneachta/Legatraghta, An Cabhán!

  4. Tobar San Niocláis/St. Nicholas' Well, Port Láirge: Creidtear go bhfuil San Nioclás curtha sa bhaile fearainn Teampall Sheireapúin/Jerpointchurch i Cill Chainnigh. Léigh tuilleadh faoi anseo.

  5. Páirc an tSimné/Chimneyfield, Corcaigh. Ní nach ionadh go ndéantar tagairt don simné nó don simléar agus San Nioclás ag ullmhú don turas mór atá le déanamh aige aimsir na Nollag. Caithfear an simléar a ghlanadh roimh Oíche Nollag chun a chinntiú go mbeidh a dhóthain spáis ann dó!

  6. An Crann Mór/Cranmore, Maigh Eo: An bhfuil an crann Nollag curtha suas agat go fóill? Bíonn sé de nós ag daoine áirithe fanacht go dtí an 8 Nollag ach bíonn daoine eile ag iarraidh an crann agus na maisiúcháin a chur suas i bhfad roimhe sin. Ná déan nós ’s ná bris nós.

  7. Baile an Choinnleora/Candlefield, Ros Comáin: Lastaí coinneal i gceann de phríomhfhuinneoga an tí oíche Nollag chun go mbeadh a fhios ag an taistealaí go mbeadh fáiltiú roimhe sa teach. Maireann an nós seo go fóill in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Bíonn coinneal de shíorlasadh in Áras an Uachtaráin chun fáilte a chur roimh imircigh a bhíonn ag filleadh abhaile.

  8. Is breá le daoine an teach a mhaisiú agus is iondúil a úsáidtear cuileann agus eidhneán mar dhuilliúr: Ard an Chuilinn/Ardagullion, An Longfort; Cnoc an Eidhneáin/Knockaninaun, An Clár.

  9. Beithil/Bethlehem, An Iarmhí: Thug na Cláiríní Bochta an t-ainm seo ar a gclochar nua ar bhruach Loch Rí le linn an 17ú haois.

  10. Oileán an Dreoilín/Wren Island, Dún na nGall: Is mór an spraoi a bhíonn ag daoine dul sa dreoilín ina gceantar féin ar Lá an Dreoilín/Lá Fhéile Stiofáin.

Tá logainmneacha den chineál seo á scaipeadh ar na meáin sóisialta againn faoi láthair agus ba bhreá linn cúpla logainm tráthúil eile a chur leis an liosta thuas. Bí i dteagmháil linn ar FacebookTwitter – ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar logainm.ie más mian leat teacht ar a thuilleadh logainmneacha. Cliceáil ar na naisc seo a leanas: An Nollaig, Scéalta na Nollag ó Bhailiúchán na Scol, chun teacht ar bhlagmhíreanna eile a bhaineann le haimsir na Nollag.

Údar: Michelle Dunne

Nollaig shona