Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Mheán Fómhair

Is ardán ar líne é Movements.org a dhéanann easaontaigh atá lonnaithe i sochaithe leatromacha a nascadh le daoine ar fud na cruinne a bhfuil na scileanna cuí acu chun cabhrú leo. Is gné lárnach í an teicneolaíocht don sluafhoinsiú nua-aimseartha; ní éireodh le Meitheal Dúchas.ie gan an t-ardán ar líne atá cruthaithe di. Ar an gcaoi chéanna, déanann Movements.org nasc idir cearta an duine agus an teicneolaíocht agus tá torthaí dearfacha ag eascairt as seo.

“Crowdsourcing human rights. The online platform that is opening closed societies.”

Cláraíonn daoine a bhfuil scil ar leith acu, iriseoirí, scríbhneoirí, aistritheoirí, lucht déanta beartas, teicneolaithe agus araile le Movements.org. A luaithe is atá daoine cláraithe, is féidir leo dul i dteagmháil le gníomhaithe ar son chearta an duine go díreach. Is féidir clárú le hainm cleite más cúis imní d’ainm baiste a chur ar ardán poiblí. Déanann foireann Movements.org úsáideoirí a phromhadh chomh maith agus is féidir leo. Má chuireann úsáideoirí a bpróifíl Facebook nó LinkedIn ar fáil d’fhoireann Movements.org, tugtar ráta dá bpróifíl ag brath ar an méid eolais a thugtar.

Is fiú féachaint ar shuíomh Movements.org le tuilleadh eolais a fháil ar an tionscnamh fiúntach, nuálach seo. Ábhar machnaimh is ea é seo agus tugtar léargas eile ar an sluafhoinsiú i bhfeidhm i réimsí eile; réimse na gceart daonna sa chás seo. Ní bhaineann an sluafhoinsiú le hollscoileanna ná comhlachtaí tráchtála amháin; is cur chuige é a bhfuil feidhm á bhaint as ar go leor bealaí éagsúla agus cruthaitheacha i réimsí difriúla ar fud an domhain.

Seo thíos torthaí na hoibre ón Mheitheal le linn mhí Mheán Fómhair.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 189 mball cláraithe leis an Meitheal faoi dheireadh Lúnasa; tháinig méadú mór air sin le linn na míosa seo caite agus tá 263 bhall cláraithe linn anois. Tá ríméad orainn go bhfuil an méid sin daoine tar éis clárú linn le linn na bliana agus léiriú is ea é ar an bhfiúntas agus an saibhreas a bhaineann le hobair na Meithle agus Bailiúchán na Scol.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 1,274 leathanach le linn na míosa agus tá 4,716 leathanach tras-scríofa um an dtaca seo - is ionann sin agus timpeall 9% den ábhar atá ar fáil. Tá baill na Meithle ag treabhadh leo, is léir.

Poiblíocht

Tabharfaidh Fiontar cuairt ar roinnt scoileanna an ráithe seo chun labhairt faoi thionscadal na Meithle agus an scéal a scaipeadh. Tá sé seo á eagrú faoi láthair (cuir scéala chugainn más múinteoir thú agus dá mba mhaith leat cuairt a eagrú). Foilsíodh mír dheas ar bhlag de chuid Scoil Náisiúnta Craggagh, i gContae Mhaigh Eo, maidir leis an úsáid a bhaineann siadsan as dúchas.ie sa seomra ranga.

Cuireadh Meitheal Dúchas.ie i láthair ag comhdháil Digital Research in the Humanities and Arts, anseo in DCU, ag tús na míosa, agus ag ceardlann faoin bhfoghlaim ríomhchuidithe.

Clárú

Mar atá luaite thuas, tháinig méadú mór ar líon na n-úsáideoirí le linn mhí Mheán Fómhair. Is léir go bhfuil scéal na Meithle á scaipeadh ar fud na tíre agus is dea-scéala é seo. Bígí linn - cláraigh leis an Meitheal anseo; clárófar ar an toirt thú le go mbeidh rochtain agat ar an ábhar agus go mbeidh tú in ann seanchas ár sinsir a thras-scríobh gan aon agó.