Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Samhna

An róbat thú? An fíordhuine thú? A leithéid de cheist! Tá seans maith ann go bhfuil an cheist aisteach seo curtha ort go minic agus tú ag brabhsáil ar líne. Cumadh an téarma ‘CAPTCHA’ ag tús an 21ú haois agus seasann an t-acrainm do ‘Completely Automated Public Turing test to tell Computer and Humans Apart’. Baintear úsáid as an gcóras CAPTCHA chun seirbhís a chur ar fáil do chuideachtaí a mbíonn fadhbanna acu le botaí, le turscar agus le bogearraí mailíseacha ó lá go lá. Is beag cuideachta nach mbíonn fadhbanna den sórt sin acu na laethanta seo agus is minic a bhaintear úsáid as CAPTCHA i gcás earraí a cheannach ar líne nó chun logáil isteach ar chuntais éagsúla ar shuíomhanna meán sóisialta. Ina ainneoin sin, bíonn dúshláin ag baint leis an CAPTCHA a dhéanamh amach ar uairibh.

CAPTCHA

Cuideachta is ea reCAPTCHA a cheannaigh Google in 2009. Is é is aidhm do reCAPTCHA deimhniú gur duine daonna é úsáideoir an ríomhaire mar aon le cartlann inchuardaithe a chruthú de théacsanna nach bhfuil inléite ag meaisín. Tá reCAPTCHA tar éis úsáid a bhaint as sluafhoinsiú mar chuid den tionscadal seo chomh maith agus tá an pobal tras-scríbhneoireachta tar éis cuidiú le reCAPTCHA na milliúin alt i nuachtán agus leabhar a dhigitiú trí phuzail téacs a réiteach. Tá obair na gcapall ar bun againn go léir le deich mbliana anuas sa chaoi a bhfuil neart de chartlann The New York Times tras-scríofa agus glanta suas ag úsáideoirí a bhíonn ag brabhsáil ar líne. Tá an pobal tras-scríbhneoireachta seo agus reCAPTCHA tar éis cuidiú le The New York Times breis agus 12 mhilliún alt dá chartlann a dhigitiú.

Is cosúil go léirítear 100 milliún CAPTCHA ar líne in aghaidh an lae – ní bhíonn ach cúpla focal le clóscríobh amach nuair a chuireann CAPTCHA bac ort logáil isteach ar chuntas éigin ar líne ach déanann beagán mórán agus is é The New York Times atá thuas leis. Tá Meitheal Dúchas.ie ag brath ar an bpobal céanna tras-scríbhneoireachta agus tá líon na mball atá cláraithe leis an Meitheal de shíor ag méadú. Tugtar achoimre ar obair na Meithle le haghaidh mhí na Samhna thíos.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 318 mball cláraithe leis an Meitheal faoi dheireadh Dheireadh Fómhair; tháinig méadú air sin le linn na míosa seo caite agus tá 380 ball cláraithe linn anois.

Baill na Meithle: Márta – Samhain 2015

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 1,649 leathanach le linn na míosa agus tá 6,526 leathanach tras-scríofa go dtí seo – is ionann é sin agus timpeall 12% den ábhar ar fad atá ar fáil. Go raibh míle maith agaibh ar fad.

Líon leathanach a tras-scríobhadh: Márta – Samhain 2015

Poiblíocht

Tugadh cuairt ar Choláiste Pobail Osraí an 30 Samhain agus pléadh oidhreacht Bhailiúchán na Scol mar aon le Dúchas.ie agus Meitheal Dúchas.ie. Léirigh na daltaí an-spéis go deo sa tionscadal agus tá sé i gceist acu dul ag póirseáil ar Dúchas.ie nuair a sheolfar ábhar Chill Chainnigh i gceann tamaill chun teacht ar scéalta a bhaineann lena gceantar dúchais. Scríobhfaidh siad blagmhír bunaithe ar na scéalta sin agus táimid ag tnúth go mór leis sin! Ina theannta sin, thug an Dr Úna Bhreathnach caint ar Dúchas.ie agus ar Mheitheal Dúchas.ie i gColáiste Phádraig le déanaí. Foilsíodh dhá alt a bhain le hábhar Co. Laoise agus Co. Mhuineacháin ar Irish Genealogy News agus is féidir teacht ar an dá alt anseo agus anseo. Luadh tionscadal Dúchas.ie ar an gclár raidió Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an 10 Samhain. Tá an clár ar fáil ag an nasc seo. Scaipeadh bileoga eolais faoi na tionscadail go léir ag an Tionól Teagaisc in Institiúid Oideachais Marino an 14 Samhain chomh maith.

Clárú

Tá ríméid orainn go bhfuil beagnach 400 ball cláraithe leis an Meitheal anois agus go bhfuil go leor scéalta á dtras-scríobh gach aon mhí. Ná caill an deis clárú leis an Meitheal. Is féidir clárú anseo.