Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Aibreáin

Tá an Mheitheal ar an bhfód le trí mhí anuas anois agus tá dul chun cinn seasmhach á bhaint amach againn a bhuí sin leis na baill dhíograiseacha atá cláraithe linn go dtí seo. Sheol Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Mheitheal go hoifigiúil ar an 22 Aibreán; ócáid iontach agus ócáid thábhachtach ab ea í agus táimid an-bhuíoch den Aire as teacht chuig DCU agus an tionscadal a aithint. Deis a bhí ann cur le próifíl na Meithle go poiblí agus is maith sin.

Tá lúcháir orm Meitheal Dúchas.ie a sheoladh inniu. Is togra suntasach nuálach é seo a chuireann ar chumas úsáideoirí Dúchas.ie dul i ngleic le hábhar Gaeilge Bhailiúchán na Scol ar mhodh úrnua trí na scéalta béaloidis a thras-scríobh. -- Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn, Oidhreachta agus Gaeltachta

Is féidir tuilleadh a léamh faoi sheoladh na Meithle anseo. Seo thíos briseadh síos ar obair mhí Aibreáin:

Sonraí Suntasacha

Baill: Cláraíodh 18 mball nua leis an tionscnamh seo le linn mí Aibreáin; tá 68 ball cláraithe ar an suíomh anois. Is ionann seo agus méadú 36% ar líon na n-úsáideoirí i gcomparáid le mí an Mhárta agus táimid thar a bheith buíoch de gach duine acu.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 216 scéal le linn na míosa; is ionann seo agus méadú 41% ar líon na scéalta a tras-scríobhadh go dtí deireadh mhí an Mhárta. Rinne beirt, Pól Ó Braoin agus Aedin Clements, sárobair le linn na míosa chomh maith le daoine eile nach iad. Léigh An Scéal is Fearr dár hInsíodh ariamh anseo a bailíodh san Éadan Anfach i gCo. Dhún na nGall agus atá tras-scríofa ag Pól agus faigh blaiseadh beag de Ghaeilge Árann ón bpíosa Bailiú Beag de Sheanfhocail a thras-scríobh Aedin anseo. Go raibh míle maith agaibh beirt agus ag gach aon bhall den Mheitheal!

Ábhar nua ar fáil le tras-scríobh: Seoladh ábhar béaloidis Chiarraí agus Chill Dara ar an 22 Aibreán. Mar thoradh air sin, cuireadh go suntasach le líon na leathanach Gaeilge atá le fáil ar an suíomh. Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil breis is 6,000 leathanach nua ar fáil le tras-scríobh, scéalta de chuid Chiarraí den chuid is mó.

Poiblíocht

Chuir Anna Bale, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, an Mheitheal i lár an aonaigh sna meáin Bhéarla; thug sí agallamh an-chuimsitheach ar fad ar The History Show ar RTÉ Raidió 1 (ar an 26 Aibreán) i dtaobh na Meithle agus cúlra an tionscadail. Is féidir teacht ar an bpodchraoladh anseo. Dar ndóigh, cloisfear neart eile ar na meáin Ghaeilge agus Bhéarla faoin tionscadal ceannródaíoch seo sna míonna atá romhainn; coinnigh súil amach.

D’fhreastail Justin Ó Gliasáin ar an gcomhdháil ‘Teangeolaíocht na Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar an 10 Aibreán, áit a ndearna sé cur i láthair gearr ar obair agus cúlra na Meithle. Ina theannta sin, phléigh Justin obair na Meithle arís, ar an 27 Aibreán, le KFM an bhabhta seo, stáisiún raidió i gCill Dara. Dhá dhream eile a léirigh suim sa tionscadal ná Raidió na Life agus Tuairisc.ie. Labhair an Dr Gearóid Ó Cleircín le Raidió na Life ar an 22 Aibreán agus foilsíodh píosa ar Tuairisc.ie an lá céanna faoin ábhar nua as Ciarraí.

Ár mbuíochas le duine de na baill is forasaí ar fhoireann na Meithle as an léargas a thug sé ar a chuid oibre sa bhlagmhír anseo. Díol spéise gur luadh an bac a chuireann an seanchló ar dhaoine nach bhfuil taithí acu ar sheanscéalta a léamh; is í seo cuid den fhiúntas a bhaineann leis an Meitheal – rochtain a chur ar fáil don phobal ar na scéalta seo atá scríofa sa seanchló.

Clárú

Cliceáil anseo chun teacht ar ár seoladh ríomhphoist; níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chugainn chun clárú linn. Tosaímis ar sheanchas Gaeilge ár sinsear a thras-scríobh le chéile lena chur ar fáil do ghlúin úrnua!