Gaois

Meitheal Dúchas.ie mar áis sa Seomra Ranga

Blog post is available in Irish only

Táimid ag díriú ar na múinteoirí arís sa bhlagmhír seo. Léiríodh roimhe seo (Meitheal Dúchas.ie do Mhúinteoirí) na buntáistí a bhaineann le Meitheal Dúchas.ie sa seomra ranga. Is fiú go mór é sin a léamh chun tuiscint ghinearálta a fháil ar an obair seo. An uair seo tabharfar léargas ar mhodh úsáide a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don seomra ranga. Leagtar amach plean samplach ina gclúdaítear aidhmeanna, torthaí foghlama mar aon le plean d’ocht gceacht agus measúnachtaí.

Aidhmeanna

Ba iad na príomhaidhmeanna a bhainfeadh leis na hocht gceacht seo ná na daltaí a chur ar an eolas faoi Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Bailiúchán na Scol agus Meitheal Dúchas.ie. Chomh maith leis sin, thabharfaí léargas do na daltaí ar bhéaloideas agus ar stair na hÉireann agus mhúsclófaí spéis na ndaltaí san ábhar agus san obair tras-scríbhneoireachta.

Torthaí Foghlama

Bheadh torthaí foghlama éagsúla ag baint leis an obair ag brath ar an gcaoi a n-úsáidfí an Mheitheal sa seomra ranga. Leagtar amach anseo na torthaí foghlama a d’fhéadfaí a bhaint as na hocht gceacht shamplacha seo:

  • Tras-scríobh a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar an seanchló Gaelach agus ar sheanlitriú na Gaeilge;
  • A gcuid oibre féin agus obair na ndaltaí eile sa rang a mheasúnú agus a cheartú;
  • Scéalta suimiúla a roghnú agus léargas a thabhairt ar an scéal don rang;
  • Cur i láthair a chur le chéile agus a dhéanamh os comhair an ranga.

Creatlach do Chúrsa Ocht gCeacht

Ceacht 1 & 2:

  • Léargas a thabhairt ar Bhailiúchán na Scol;
  • Scéalta samplacha a roghnú agus roinnt scéalta suimiúla a chur i láthair (d’fhéadfaí leas a bhaint as Rogha an Eagarthóra);
  • Taithí a fháil ar an seanchló agus ar an seanlitriú (d’fhéadfaí ceachtanna a dhéanamh mar chleachtadh);
  • Cuntais úsáide a chruthú do dhaltaí an ranga agus/nó logáil isteach don chéad uair ag baint úsáide as an nasc seo.

Ceacht 3:

  • Roinnt scéalta a léamh agus a roghnú (d’fhéadfaí scéalta áirithe a shábháil le réiltín) chun dul i dtaithí ar an ábhar agus ar an suíomh.

Ceacht 4, 5 & 6:

  • Tras-scríobh a dhéanamh ar scéalta éagsúla i mBailiúchán na Scol;
  • Aiseolas a thabhairt do na daltaí;
  • An obair a tras-scríobhadh sa rang a phiarmheasúnú.

Ceacht 7 & 8:

  • Tuairimí a thabhairt ar an gcúrsa;
  • Cur i láthair gearr a dhéanamh ar an obair a rinneadh agus faoin méid a foghlaimíodh le linn an chúrsa, scéal deas/suimiúil a roghnú agus a phlé.

Measúnachtaí

Bheadh measúnú chun foghlama agus measúnú ar an bhfoghlaim i gceist leis an gcúrsa seo. Dár ndóigh, bheadh aiseolas le tabhairt maidir leis an seanchló Gaelach (is fíor go mbíonn sé deacair focail áirithe a dhéanamh amach ar uairibh). D’fhéadfaí súil a choimeád ar obair na ndaltaí trí bhreathnú ar a gcuid staitisticí mar atá léirithe san íomhá thíos.

Dá mbeadh cur i láthair le déanamh ag na daltaí, d’fhéadfadh an múinteoir rúibric a chruthú ionas go mbeadh na daltaí in ann cur i láthair daltaí eile a phiarmheasúnú.

Tá go leor féidearthachtaí eile a bhaineann le Meitheal Dúchas.ie agus tabharfar deis do mhúinteoirí a bheith chomh cruthaitheach agus is mian leo. Tá fáilte roimh mholtaí, aiseolas nó ceist ar bith ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí atá tar éis leas a bhaint as Meitheal Dúchas.ie. Tá sé i gceist againn tuilleadh acmhainní oideachais a fhorbairt amach anseo. Má chláraíonn tú leis an liosta ríomhphoist coimeádfar ar an eolas thú maidir leis na forbairtí is déanaí ar Dúchas.ie agus na tionscadail eile atá againn i Fiontar. Is féidir dul i dteagmháil linn nó Dúchas.ie a leanúint ar Facebook agus ar Twitter.