Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Obair na bliana 2017

Imeachtaí foirne, Dúchas.ie, Téarma.ie, Logainm.ie, Ainm.ie, Gaois.ie, Taighde, Meitheal Dúchas.ie, Meitheal Logainm.ie, Pleananna

Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.

D’fhorbair muid leagan iomlán nua de shuíomh dúchas.ie, agus d’fhoilsigh muid beagnach deich míle grianghraf air. I gcás gach ceann de na híomhánna sin, bhí ar na heagarthóirí na meiteashonraí a sheiceáil agus a cheartú, obair shuntasach. Bhí obair mhór i gceist le dearadh an tsuímh chomh maith, agus bhain muid sásamh dá réir as ócáid a sheolta agus as bualadh le cuid de lucht úsáide an tsuímh, fiú baill den Mheitheal a bhí ar cuairt as Ceanada agus as na Stáit Aontaithe! Údar mórtais is ea é chomh maith gur bronnadh gradam Eir Spiders ar an suíomh ag deireadh mhí na Samhna, agus gur aithin UNESCO tábhacht Chnuasach Bhéaloideas Éireann trína chur ar Chlár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain.

Bhrúigh muid ar aghaidh leis an obair théarmeolaíochta, mar atá ar siúl againn le breis agus deich mbliana anois. Phróiseáil muid thart ar 4,000 iontráil Ghaeilge le haghaidh bhunachar IATE. Céard iad na téarmaí sin a ndearna muid obair orthu agus a thugann spléachadh ar an domhan in 2017? Bhuel, céard faoi—comhroinnt cumhachta, an Mhór-Shiria, nó páirtí den eite dheas? Lean muid den dlúthpháirtíocht leis an gCoiste Téarmaíochta chomh maith agus tá pleananna móra againn don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, téarma.ie, sna blianta amach romhainn.

Bliain mhór a bhí in 2017 don sluafhoinsiú, agus chuir baill den phobal breis is 1,700 taifead le Meitheal Logainm.ie agus thras-scríobh siad breis is 30,000 scéal (5.6 milliún focal!) i Meitheal Dúchas.ie. Anois agus muid ag druidim le deireadh na bliana, tá 21% den ábhar uile atá ar fáil tras-scríofa. Rinneadh athfhorbairt ar chóras oibriúcháin an dá mheitheal chomh maith. Bhí áthas faoi leith orainn gur cuireadh ábhar as dhá bhailiúchán nua le Meitheal Logainm.ie, Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil agus Mionainmneacha Iompainne & Ghabhla.

D’fhás líon na bhfocal i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha ó 10.9 milliún focal go díreach faoi bhun 20 milliún focal, a bhuí go háirithe le The Irish Times, Feasta, An tUltach agus Cois Life a chur a gcartlanna ábhair ar fáil go fial dúinn. Tá aitheantas ar leith ag dul do Hannah Ní Chonghaile agus Tomás Ó Murchú, beirt mhac léinn as UCC a bhí linn ar thaithí oibre agus a rinne an-obair ar réiteach an ábhair seo. Chuir muid fáilte chomh maith roimh Mhairéad Willis, mac léinn as Ollscoil Notre Dame a chaith an samhradh linn agus a rinne cur síos ar a taithí anseo, agus roimh Fhearghal Ó Raifeartaigh a bhí linn ar thaithí oibre ó UCD.

Maidir leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla, cuireadh formhór Achtanna an Oireachtais ón tréimhse 1922-2003 leis an gcorpas agus tháinig méadú suntasach ar líon na bhfocal a áirítear ann. Tá thart ar 43 milliún focal sa chorpas anois, 22 milliún i nGaeilge agus 21 milliún i mBéarla.

I gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, chuir muid 8 mbeatha nua leis an suíomh ainm.ie, agus rinne muid cúpla mionathrú eile ar an suíomh chomh maith. I measc na mbeathaí nua, áirítear daoine a raibh dlúthbhaint acu le saol na Gaeilge agus a fuair bás idir 2013 agus 2016, idir mhúinteoirí, scoláirí, scríbhneoirí, breitheamh, craoltóir, amhránaí agus iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael.

Rinne muid athruithe ar logainm.ie chomh maith. Mar shampla, tugtar moltaí anois don úsáideoir agus iad ag scríobh míre isteach sa bhosca cuardaigh ar logainm.ie, tá naisc ag bun an leathanaigh baile chuig catagóirí logainmneacha ag leibhéal na tíre, agus tá áiseanna geoshuímh ar fáil le húsáid ar Mheitheal Logainm.ie. Bhí na heagarthóirí ag obair i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha ar thagairtí stairiúla (124,891 ceann nua a cuireadh isteach i mbliana) agus ar thascanna eile ar nós nótaí mínithe a chur le logainmneacha áirithe sa bhunachar (1,187 ceann nua a cuireadh isteach i mbliana) agus fiosrúcháin ón bpobal a fhreagairt, mar aon le catagóirí áirithe a bheachtú sa bhunachar.

Tá forbairtí eile atá an-tábhachtach, ach nach bhfuil chomh taibhseach le suíomh nua ná le hobair mhór eagarthóireachta, curtha i gcrích chomh maith: aistríodh na suíomhanna agus na bunachair uile go dtí freastalaithe níos nua-aimseartha, rinneadh na suíomhanna ar fad a uasghrúdú ó HTTP go HTTPS, agus rinneadh cód foinseach na dtionscadal a aistriú ó chóras Apache Subversion go dtí córas Git sa néal, i.e. GitHub.

Thapaigh muid an deis ár gcuid oibre a chur i láthair an phobail i rith na bliana, ag sraith comhdhálacha agus seimineáir a bhain le cúrsaí logainmneacha (Comhdháil na nDéise), an téarmeolaíocht (seimineár in Ollscoil Bangor), an fhoclóireacht (eLEX), an teangeolaíocht chorpais (CL2017), na daonnachtaí digiteacha (DPASSH), cúrsaí oidhreachta (Comhdháil Dhomhanda Dhiaspóra na hÉireann) agus cúrsaí litríochta (Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge agus Ar an Imeall i Lár an Domhain?: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa). Bhain muid sult chomh maith as ócáid seolta An Ríomhaire Ilteangach, téacsleabhar nua le Michal Boleslav Měchura, an té a d’fhorbair cuid dár suíomhanna éagsúla thar na blianta. Thug muid an seó ar an mbóthar i rith na Seachtaine Oidhreachta ag deireadh mhí Lúnasa nuair a thug baill den fhoireann cuairt ar 30 leabharlann timpeall na tíre.

Anois agus an Nollaig linn, níl le déanamh againn ach (1) fuadar pleanála don bhliain seo chugainn (tuilleadh faoi sin le teacht) agus (2) beannachtaí na féile a ghuí ar léitheoirí uile an bhlag!

Lógó gaois.ie
gaois.ie