Gaois

Obair na bliana 2019

I ndúluachair na bliana, ní miste breathnú siar ar ar baineadh amach ar thionscadail Gaois i rith 2019. Is liosta le háireamh an obair eagarthóireachta agus theicniúil a rinneadh, agus is ar éigean a thabharfaidh an gnáth-úsáideoir go leor de faoi deara. Seo thíos cuid de na nithe is suntasaí.

Rinneadh athdhearadh ó bhonn ar shuíomh poiblí Téarma san Earrach, agus seoladh i mí an Mhárta é. D’athraigh an comhéadan eagarthóireachta chomh maith, agus cuireadh áiseanna nua oibre ar fáil do bhaill an Choiste Téarmaíochta. Sáraíodh an 100,000,000 cuardach ar Téarma sa chéad leath den bhliain.

Mar chuid den athdhearadh sin, shocraigh muid ardán bainistíochta téarmaí a chur ar fáil go hoscailte, agus Terminologue a bhaisteadh air. Tá Terminologue in úsáid, cheana féin, ag grúpaí sa Bheilg, sa Ghraonlainn, agus sa Mhongóil, i measc áiteanna eile, agus an comhéadan aistrithe go Sualainnis, go Seicis agus go Breatnais, le haistriúcháin eile ar na bacáin.

Rinneadh go leor eagarthóireachta ar na téarmaí féin, chomh maith, agus go háirithe ar théarmaí ríomhaireachta, a ndearnadh athbhreithniú ar 3,200* acu. Ar chuid de na téarmaí ba thráthúla a cuireadh leis an mbunachar i mbliana bhí ‘saoránach idirlín’ (netizen), ‘naimhdeas i leith lucht rothair’ (bikelash), ‘ionad díradacaithe’ (deradicalisation centre), ‘cliceáil chúise’ (clicktivism), ‘bróinse fuíll dí’ (bottomless brunch), agus ‘boghdóir cathaoireach rothaí’ (wheelchair archer).

Ar shuíomh Gaois féin, cuireadh 3.7 milliún focal le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha (tá muid buíoch de Cois Life, Éabhlóid, Comhar, An tUltach, Feasta, Studia Hibernica, Irisleabhar Mhá Nuad agus Léachtaí Cholm Cille as ábhar a roinnt linn!) agus 5.5 mhilliún focal leis an gCorpas Comhthreomhar. Anuas air sin, cuireadh os cionn 5k téarma, a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna nó a d’éirigh as ár gcuid oibre le hinstitiúidí an AE, leis an mbunachar téarmaíochta. Agus, i dtreo dheireadh na bliana, dhear muid leagan nua den suíomh a sheolfar go luath san Athbhliain. Tá súil againn go dtabharfaidh sé léiriú níos fearr ar réimsí ár gcuid oibre agus ár gcuid taighde, agus go dtaispeánfaidh sé (go háirithe don té a mbeadh spéis aige/aici sa taighde nó in intéirneacht linn) céard a bhíonn ar siúl againn.

Foilsíodh 8 mbeatha nua ar Ainm, agus thug muid páipéir ar an ábhar ag Comhdháil na Gaillimhe agus ag comhdháil Biographical Data in a Digital World i Varna na Bulgáire (tá an páipéar sin ar fáil anseo). Agus muid ag scríobh na bpáipéar sin, thuig muid na deiseanna taighde a bhaineann le hanailís ar shonraí na mbeathaí, agus go deimhin chuir muid leis na meiteashonraí sin: rinneadh clibeáil ar an áit bhreithe i roinnt beathaí nach raibh na sonraí sin clibeáilte iontu cheana agus cuireadh tús le clibeáil na háite báis agus na háite adhlactha sna beathaí uile. Tá an obair sin idir lámha i gcónaí ach tá a toradh le feiceáil, mar shampla, i mbeatha an Duinnínigh san eolas atá cláraithe sa bhosca ar thaobh na láimhe deise. Beidh na sonraí sin le feiceáil ar an léarscáil ar ball.

Foilsíodh cúpla bailiúchán suntasach i Meitheal Logainm.ie i mbliana: Ainmneacha Páirce Lú, Mapáil Mhionlogainmneacha Shléibhte Chuaille agus Mionainmneacha Reachlainn; agus thug muid tuairisc ar an dul chun cinn ag comhdháil an Society for Name Studies in Britain and Ireland i Nottingham. Chuir muid leis an ábhar ar shuíomh Logainm, go háirithe leis na sráideanna a cuireadh leis an mbunachar (14k) agus an saibhriú a rinneadh ar shráideanna eile i mí na Samhna. Tá suíomh geografach cruinn luaite le 30k sráid sa bhunachar anois. Léirítear teorainneacha na n-aonad riaracháin ar an suíomh anois freisin. Ba dheas na logainmneacha a fheiceáil ar an scáileán le clár Creedon’s Atlas, a craoladh i rith an tsamhraidh.

Foinse: Creedon’s Atlas, RTÉ

Maidir le Dúchas, foilsíodh cúpla baisc ábhair as an bPríomhbhailiúchán, gan trácht ar ghrianghraif Thomáis Uí Mhuircheartaigh, a seoladh ag Oireachtas na Samhna. Rinne Meitheal Dúchas.ie os cionn 69k leathanach as Bailiúchán na Scol a thras-scríobh i rith na bliana, éacht as a bhfuil buíochas tuillte. Chuir muid taighde bunaithe ar obair na Meithle i láthair ag Léachtaí Cholm Cille, ag an Celtic Languages Technology Workshop, agus i gcúpla áit nach ea.

D’éascaigh muid rochtain ar Dúchas agus ar Logainm trí na comhéadain feidhmchláir a d’fhorbair muid dóibh, agus tá gach eolas faoi seo ar Github. Mar chuid den obair seo, athraíodh ceadúnas sonraí Logainm ó ODC-ODbL go CC BY 4.0. Ciallaíonn sé seo gur féidir le dream ar bith, comhlachtaí tráchtála san áireamh, táirgí a chruthú le sonraí Logainm.

Chuir muid fáilte roimh bhaill nua foirne i rith na bliana, agus bhog taighdeoirí eile ar aghaidh chuig rólanna nua. Bhí an t-ádh orainn go raibh cúigear mac léinn linn i rith an tsamhraidh ar thaithí oibre, as Notre Dame, as UCD agus ón gcúrsa MA san Aistriúchán anseo in DCU. Agus tá ár gcuid mic léinn PhD ag treabhadh leo. Beidh muid uile ag tógáil sos go ceann seachtain nó dhó anois, agus ag teacht ar ais le meanma agus misneach úr ag tús 2020. Beannachtaí na féile ar ár gcairde uile!

Údar: Úna Bhreathnach

*Tá na sonraí uile ceart don bhliain 01.12.18-01.12.19