Gaois

Oidhreacht agus Béaloideas Chluain Dolcáin

Osclaíodh ionad oidhreachta nua i gCluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath ag suíomh an tseanchloigthí áitiúil i gcaitheamh an tsamhraidh. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid den seanchas a bhaineann leis an gcloigtheach agus ar oidhreacht Chluain Dolcáin de réir na gcuntas i mBailiúchán na Scol, a foilsíodh ar dúchas.ie.

an cloigtheach ar cheann de na foirgnimh is ársa sa dúiche agus tá go leor tagairtí don struchtúr cáiliúil seo i scéalta Bhailiúcháin na Scol. Dar leis an gcuntas seo, tógadh an cloigtheach sa bhliain 1004 AD mar chosaint in aghaidh na Lochlannach. Bhí pléascadh sa mhuileann púdair ar an láthair chéanna thart ar an mbliain 1787 agus rinneadh méid áirithe damáiste don chloigtheach. Ina ainneoin sin, thángthas ar chloch le linn na hoibre atógála ar a raibh an dáta 1004 AD.

Cloigtheach Chluain Dolcáin

Luaitear Naomh Mochua, nó Naomh Crónán, leis an gceantar seo go minic agus meastar go raibh Naomh Crónán lonnaithe i gCluain Dolcáin agus mainistir aige ann sa seachtú haois. Tá rian an naoimh fós le brath sa cheantar inniu agus ainmníodh an t-ionad cultúrtha, Áras Chrónáin, mar aon leis an scoil, Scoil Chrónáin, in ómós don naomh seo.

De bhreis air sin, tá eolas faoi luibheanna agus sean-nósanna leighis ar fáil sna scéalta i mBailiúchán na Scol. D’úsáidtí neantóga chun iaidín a dhéanamh, bheirítí na neantóga in uisce agus d'óltaí an t-uisce mar chóir leighis. Chuirtí tae fuar ar shúile pianmhara chun toinníteas a leigheas chomh maith. Dar leis an gcuntas seo, bhí leigheas le fáil ar shúile pianmhara san uisce as Tobar Bhríde i gCluain Dolcáin.

An Bailiúchán Grianghraf, F024.06.00121 © Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Déantar cur síos spéisiúil sa scéal seo ar na White Quakers a chónaigh sa cheantar idir 1846 agus 1851 agus a raibh Joshua Jacob mar cheannaire orthu. Ba bhaill de Chumann na gCarad iad ón tús agus tugadh White Quakers orthu mar gheall ar na héadaí bána a chaithidís agus an dath bán a phéinteálaidís a dtroscán ar fad. Dar leis an gcuntas seo, bhíodh leisce ar dhaoine dul in aice lena dteach cónaithe.

Níl anseo ach sampla beag den bhéaloideas atá ar fáil in dúchas.ie. Is féidir léamh tríd na scéalta ar fad as contae Bhaile Átha Cliath, agus as áiteanna eile sa tír, agus aimseoidh tú tuilleadh seoidíní cosúil leis na scéalta thuas.