Gaois

Protastúnaigh mhná Chúige Uladh in Ainm.ie

Tá cuntais ar bhreis agus 1,700 duine ar ainm.ie, daoine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann. Sa bhlagmhír seo táthar ag iarraidh aird a tharraingt ar thacar ar leith, agus is é téama na míre seo Protastúnaigh mhná i gCúige Uladh agus an Ghaeilge ag deireadh an naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois. Ní dream aonchineálach é seo, cuid acu bhí baint riamh ag a muintir leis an Ghaeilge agus an chuid eile b'ionadh leat mar a chuir siad spéis inti!

Rugadh Maighréad Dobbs (1871-1962) i mBaile Átha Cliath agus deirtear go raibh máistreás a raibh Gaeilge na hAlban aici a dhúisigh a cuid spéise sa Ghaeilge. D'aistrigh an teaghlach go Gleann Aireamh i gCo. Aontroma agus bhí sí ina ball den choiste a d'eagraigh Feis na nGleann sa bhliain 1904. Bhí sí an-mhór le Ruairí Mac Easmainn a raibh an-bhaint aige leis na gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair ar son Óglaigh na hÉireann, ar ndóigh. Ar an lámh eile, bhí deartháir Mhaighréad ar dhuine de na hAontachtaithe a bhailigh na gunnaí i Latharna ar son Óglaigh Uladh! Scoláire a bhí inti agus bhí roinnt alt i gcló aici in irisí a bhain leis an Léann Ceilteach. Nuair a bhronn Coiste na Feise gradam uirthi in 1946, dúirt sí ina hóráid: ‘Ireland is a closed book to those who do not know her language. No one can know Ireland properly until one knows the language.’

Cara le Maighréad ba ea Róis Ní Ógáin [Rose Maud Young] (1865-1947) a rugadh i gCaisleán Ghalgorm gar do Bhaile Meánach i gCo. Aontroma. Aontachtaithe ba ea a muintir agus deirtear nár thaitin a suim féin sa Ghaeilge leo; faoi dheireadh a saoil bhí sí tite amach leo agus in aontíos le Maighréad Dobbs. I mBaile Átha Cliath di chuir sí aithne ar scoláirí móra na Gaeilge, an Duinníneach agus an Craoibhín ina measc, agus ceaptar gurbh iadsan a spreag í chun amhráin Ghaeilge a thiomsú. Ba iad Duanaire Gaedhilge I-III (1921-1930) toradh a cuid saothar, leabhair a raibh an-tóir agus an-mheas orthu.

Feis na nGleann

Ag fanacht sa taobh sin tíre, bean an-chumasach ba ea Íde Nic Néill [Ada MacNeill] (1860-1959). Rugadh í i Londain ach bhog a teaghlach go Glinnte Aontroma, óir tháinig a hathair in oidhreacht ar an seanathair a bhí ina chónaí i mBun Abhann Duinne. Bhí labhairt na Gaeilge ag an seanathair agus bhí Íde féin an-ghníomhach i saol na Gaeilge i gCúige Uladh: bhí sí bainteach le Feis na nGleann, Dáil Uladh agus Coláiste Uladh. Mhúin sí Gaeilge do Ruairí Mhic Easmainn agus tá sé amuigh uirthi go raibh sí i ngrá leis, nó faoi dhraíocht aige ba chóir a rá. Uiscedhathadóir agus eagarthóir a bhí inti agus chuir sí amach cúpla leabhar; Sgéaltan X Reachrann (1910) i gcomhar le hAoidhmín Mac Gréagóir ceann acu.

I scéal na hAthbheochana, ní féidir gan tagairt a dhéanamh don Ultach mná sin Alice Milligan (1866-1953) a rugadh san Ómaigh, Co. Thír Eoghain. De bhunadh Meitidisteach a tuismitheoirí agus bhí an t-athair ina bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann agus spéis aige i stair agus i seandálaíocht. Thosaigh sí ag freastal ar ranganna Gaeilge Chonáin Mhaoil i mBéal Feirste in 1893 agus an bhliain dár gcionn bhunaigh sí féin agus Eithne Nic Sheáin an míosachán The Northern Patriot agus ansin Shan Van Vocht. Bhíodh baint aici leis an drámaíocht agus théadh sí timpeall ar chraobhacha an Chonartha ag léachtóireacht ar stair na hÉireann. Dúradh an méid seo ina taobh in 1914, rud a léiríonn an t-ardmheas a bhí uirthi ag an am: 'Alice Milligan, Ulster Protestant, Gaelic Leaguer, Fenian, friend of all Ireland, lover of Gaelic Catholic as of her own kith'.

I nDomhnach Daoi, Co. an Dúin a rugadh Méadhbh Nic Conaill [Mabel Washington McConnell] (1884-1958) nó Méadhbh Mhic Gearailt mar a bheadh uirthi ar ball. De bhunadh Preispitéireach ba ea í agus chuaigh sí isteach sa Chumann Gaelach agus í i gColáiste na Ríona, Béal Feirste. I Londain di chuaigh sí isteach i gConradh na Gaeilge agus is mar gheall ar an Chonradh a chuir sí aithne ar Dheasún Mac Gearailt agus phós siad in 1911. Bhí cónaí orthu i gCiarraí ar feadh i bhfad ach díbríodh iad ar chúis saghas aisteach. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus le linn Éirí Amach 1916 thug an Piarsach cúram di an Trídhathach a chur ar foluain os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath – níor thuig sé nach raibh seilbh glactha ag na reibiliúnaigh air! Rugadh Garrett FitzGerald di in 1926, a bheadh ina Thaoiseach ar ball.