Gaois

Rogha Leigheasanna ó Bhailiúchán na Scol

Cuireadh tús le tionscadal dúchas.ie sa bhliain 2012 agus tá breis agus 250,000 scéal agus 11,000 grianghraf ar fáil le cuardach ar an suíomh poiblí anois. Rangaítear na scéalta agus na grianghraif de réir topaicí éagsúla agus is féidir leas a bhaint as an áis brabhsála chun topaic faoi leith a roghnú. Tá neart scéalta suimiúla a bhaineann le seanleigheasanna ar fáil le léamh ar dúchas.ie agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta is spéisiúla a thagann chun cinn i mBailiúchán na Scol.

Tá ról lárnach ag ainmhithe i gcuid mhaith de na scéalta a bhaineann le leigheasanna sa bhailiúchán. Mar shampla, deirtear go bhfuil leigheas ar thriuch le fáil i gcac firéid nó i "mbainne firéid". Dar leis an scéal seo, is fiú bainne a ól ón gcupán céanna as a n-ólann an firéad má thagann an triuch ort. Cuirtear béim ar fhroganna i leigheasanna áirithe chomh maith i scéalta Bhailiúchán na Scol. Deirtear gur leor frog a chur i do bhéal nuair a bhíonn tinneas fiacaile ort. Tiocfaidh biseach ort má ligeann an frog trí scread as agus é i do bhéal.

Moltar leas a bhaint as seilide chun leigheas a fháil ar fhaithní go minic i scéalta Bhailiúchán na Scol. Dar leis an scéal seo, ní mór an seilide a cheangal le píosa téada agus deirtear go n-imeoidh an faithne nuair a fhaigheann an seilide bás. Baineann go leor scéalta i mBailiúchán na Scol le tábhacht an seachtú mac. Dar leis an gcur síos seo, bíonn leigheas ar gach galar ag an seachtú mac.

Baineann leigheasanna áirithe le háiteanna éagsúla sa tír chomh maith. Tá an gandal níos coitianta i leigheasanna sna scéalta a bhaineann le deisceart na tíre. Dar leis an scéal seo ó Cho. Chiarraí, ba cheart gob gandail a chur i mbéal an duine a bhfuil craosghalar air agus troscadh trí lá a dhéanamh ansin.

Bíonn níos mó tagairtí don asal i scéalta an oirthir agus dar leis an gcuntas seo, ní mór dul faoi bholg asail trí huaire chun leigheas a fháil ar thriuch.

Tá go leor leigheasanna éagsúla ar fáil i dtaobh borrphéiste chomh maith. Dar leis an scéal seo, baintear úsáid as sulfar agus im neamhshaillte, leigheas an seachtú mac, sóid aráin agus seile, nó tarraingítear ciorcail timpeall an ionfhabhtaithe mar leigheas ar bhorrphéist in iarthar na tíre. I ndeisceart na hÉireann, deirtear gur cheart ainm an duine a scríobh i ndúch dubh ar an ionfhabhtú agus cuirtear luibheanna agus bainne ar fiuchadh le cur ar an ionfhabhtú i dtuaisceart na tíre.

An Bailiúchán Grianghraf, F060.01.00001 © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD

Níl anseo ach sampla de chuid de na scéalta a bhaineann le cúrsaí leighis ó Bhailiúchán na Scol. Is fiú cuardach a dhéanamh agus tuilleadh a léamh anseo.

Údar: Sarah Eaton