Gaois

Rúin na hAthbhliana 2020

Seo thíos spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.

Ar an 19-20 Samhain a bheas Cruinniú mullaigh EAFT (Cumann Eorpach na Téarmeolaíochta) ar siúl i mBaile Átha Cliath. Tá sé á chomhóstáil ag grúpa taighde Gaois agus Scoil an Staidéir Teanga agus Idirchultúir Fheidhmigh (SALIS). Is é ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’ an téama. Beidh liosta cainteoirí á chur le chéile sa chéad leath den bhliain, agus beidh an ócáid spéisiúil d’aon duine a bhfuil suim sa téarmeolaíocht aige/aici.

Ó thaobh chúrsaí téarmeolaíochta de, leanfar den obair ar théarmaí don AE agus de chothabháil agus forbairt téarma.ie agus cuirfear le bunachar téarmaíochta Gaois. Tá córas Terminologue, a d’fhorbair muid anuraidh chun bunachar téarmaíochta téarma.ie a bhainistiú, ag dul ó neart go neart agus úsáideoirí nua ó gach cearn den domhan ag teacht ar bord. Beidh an córas in úsáid sa seomra ranga i mbliana freisin agus mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge ag tabhairt faoi mhodúl sa téarmeolaíocht.

Tá sé i gceist againn sraith forbairtí a chur i bhfeidhm ar na corpais atá faoinár gcúram, chun go mbeidh siad níos úsáidí don taighdeoir. Beifear ábalta liostaí minicíochta de na téacschomharthaí agus leamaí atá i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha a íoslódáil ón suíomh go luath sa bhliain, agus beifear ábalta liostaí minicíochtaí na 2-gram, 3-gram, agus 4-gram as an gcorpas céanna a íoslódáil ó lár na bliana ar aghaidh. Déanfar cothabháil agus forbairt ar na liostaí seo de réir mar a chuirfear leis na corpais.

Leanfar leis an obair eagarthóireachta in Logainm, agus beidh muid ag déanamh athdhearadh iomlán ar an suíomh (agus ar Mheitheal Logainm.ie), rud a sheolfar i 2021. Seolfar leagan nua de shuíomh Gaois i mbliana. Beidh beathaí nua á bhfoilsiú ar Ainm i rith na bliana, agus cúpla díolaim nua chomh maith.

Maidir le Dúchas, leanfaidh muid ar aghaidh ag foilsiú ábhar as an bPríomhbhailiúchan go ráithiúil (eolas faoi chéad bhaisc 2020 anseo), agus beidh muid ag obair linn ar ábhar fuaime a réiteach don fhoilsiú. Cuirfear torthaí an taighde seo ar thorthaí cuardaigh i bhfeidhm ar an suíomh agus beidh forbairtí á ndéanamh ar an Meitheal chomh maith.

Déanfaidh muid ár gcuid oibre a chur i láthair ag comhdhálacha éagsúla i mbliana, tá súil againn; tá ticéid chuig Vaasa na Fionlainne, Alexandroupoli na Gréige agus Bangor na Breataine Bige in áirithe cheana. Beidh cúpla mac léinn linn ar thaithí oibre.

Tá muid ag tnúth le tús a chur le cúpla comhthionscadal i bpáirt le RTÉ i mbliana, agus tá Bunachar Sloinnte Gaelacha ar na bacáin chomh maith. Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí.