Gaois

Scéalta 1916: Beatha agus Bás i ndiaidh Éirí Amach na Cásca

Táthar ag iarraidh sa tsraith blagmhíreanna seo aird a tharraingt ar chuid de na beathaisnéisí atá le fáil i mbunachar ainm.ie a bhaineann leo siúd a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Rinneadh cur síos anseo ar chuid de na daoine a chaith seal i gcampa géibhinn in Frongoch sa Bhreatain Bheag agus tugadh léargas ar chuid de na mná a raibh ról acu in Éirí Amach 1916 anseo. Leantar leis an téama céanna sa bhlagmhír seo agus dírítear ar scéalta cuid de na daoine a cailleadh nó a cuireadh chun báis i ngeall ar an bpáirt a ghlac siad san Éirí Amach.

Micheál Ó hAnnracháin

Tá cuntais chuimsitheacha le fáil in ainm.ie ar Éamonn Ceannt agus ar Phadraig Mac Piarais, beirt cheannairí a shínigh Forógra 1916 agus a cuireadh chun báis i ndiaidh Sheachtain na Cásca 1916. Luaitear Micheál Ó hAnnracháin (1877–1916) i dteannta leis an bPiarsach agus Ceannt mar dhuine de cheannairí Éirí Amach 1916 a raibh baint aige le gluaiseacht na teanga sula raibh baint aige le gluaiseacht na saoirse. Rugadh Ó hAnnracháin i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman sa bhliain 1877. D’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath nuair a cailleadh an t-athair agus faoin mbliain 1905 bhí sé ina rúnaí ar Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge. Bhí dhá úrscéal scríofa aige sular bhog sé go Baile Átha Cliath agus scriosadh lámhscríbhinn an tríú leabhar le linn ruathair ar a theach i ndiaidh Éirí Amach 1916. I monarcha Jacobs a bhí sé ag troid i gcaitheamh Sheachtain na Cásca agus dar lena bheathaisnéis in ainm.ie, lámhachadh é i gCill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine tar éis cúirt airm a chur air. Is féidir a thuilleadh a léamh faoina shaol anseo.

Micheál Ó hAnnracháin

Micheál Seosamh Ó Rathghaille

Duine eile a raibh baint aige le gluaiseacht na teanga, le hÉirí Amach 1916 agus a maraíodh an bhliain chéanna ab ea Micheál Seosamh Ó Rathghaille (1875–1916). Maítear ina bheathaisnéis go mb’fhéidir “go raibh sé ar na daoine ba mhó a raibh baint acu le bunú na nÓglach” sa bhliain 1913. Rugadh Ó Rathghaille i mBéal Átha Longfoirt, Co. Chiarraí sa bhliain 1875. Phós sé Nannie Brown i Nua-Eabhrac agus chaith sé 1905 go 1909 ag obair in Philadelphia. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge as priméar a chuir Tómás Ó Rathile chuige nuair a bhí sé lonnaithe in Philadelphia. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1909 agus bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1912 go 1916. Chuir sé spéis i ngluaiseacht Shinn Féin agus bhí baint aige le bunú agus seoladh an nuachtáin Sinn Féin Daily. Bhí se ina bhainisteoir oinigh ar An Claidheamh Soluis sa bhliain 1913 chomh maith. Bhí páirt mhór aige i bhforbairt ghluaiseacht na saoirse agus go háirithe sna hiarrachtaí ar ghunnaí a cheannach agus a thabhairt i dtír. Bhí sé ina bhall de gharastún Ard-Oifig an Phoist agus maraíodh é le linn Éirí Amach 1916.

Maraíodh é go deireanach Aoine Sheachtain na Cásca nó go luath maidin an tSathairn tar éis gur goineadh é i ruathar ionsaithe ar bharacáid na saighdiúirí i Sráid Uí Mhórdha. Mura raibh sé ar shínitheoirí Fhorógra na Cásca aithnítear mar dhuine de cheannairí an Éirí Amach é. Ba é an chéad duine díobh a maraíodh.

Micheál Seosamh Ó Rathghaille

Peadar Ó Maicín

Cé gur cailleadh Peadar Ó Maicín (1878–1916) le linn Sheachtain na Cásca chomh maith, ba thimpiste ba chúis lena bhás. Rugadh Ó Maicín sa bhliain 1878 i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach agus thóg sé mionn Bhráithreachas na Poblachta sa bhliain 1899. Cheangail sé le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra 1900 agus, dar lena bheathaisnéis, bhí sé i measc na bhfoghlaimeoirí ab fhearr a chruthaigh sna scrúduithe. Bhí sé ina bhall de Choiste Sealadach na nÓglach sa bhliain 1913. Is i Muilte Uí Bheoláin a bhí sé i gcaitheamh an Éirí Amach agus lámhachadh é de thimpiste ar an 26 Aibreán.

Is mar seo a chuireann An Glór síos ar thoscaí a bháis: ‘I rith na seachtaine bhí sé i bhfeighil buíne de na hÓglaigh a bhí i seilbh dhroichead an bhóthair iarainn atá os cionn na sráide go ngairmtí Great Clarence Street uirthi an taca san ach gurb é Sráid Pheadair Maicín a ghlaoitear uirthi ó shin i leith. Throid siad go calma neamheaglach gan sos gan scíth gan chodladh. Lead bocht de na hÓglaigh ghoill an cruatan air, theip na neirbhíní air, agus i ndorchadas na hoíche lámhaigh sé Peadar.

Is féidir teacht ar a thuilleadh scéalta suimiúla in ainm.ie faoi na daoine a raibh páirt acu in Éirí Amach 1916 nó fúthu siúd a raibh baint acu leis an nGaeilge le linn a saoil. Ní gá ach cuardach a dhéanamh anseo. Bainigí triail as!