Gaois

Scéalta 1916: Ról na mBan in Éirí Amach na Cásca

Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo níos túisce sa bhliain ar dhaoine áirithe a cuireadh i gcampa géibhinn in Frongach tar éis Éirí Amach 1916. Dírítear ar an tráth céanna i stair na hÉireann arís sa bhlagmhír seo agus tugtar spléachadh ar bheathaí na mban sa bhunachar ainm.ie a raibh rólanna éagsúla acu in Éirí Amach na Cásca.

Bean a bhain cáil amach i ngeall ar a háilleacht agus a buanna mar bhanaisteoir ab ea Máire Nic Shiubhlaigh. Bhí sí ina ball d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ón 21 Feabhra 1900 ar aghaidh. Nuair a osclaíodh Amharclann na Mainistreach don chéad uair i ndiaidh na Nollag sa bhliain 1904, bhí an phríomhpháirt aici i ndráma Kathleen Ní Houlihan le W.B.Yeats agus chuir sí an lucht féachana faoi dhraíocht lena cumas aisteoireachta. Thug Art Ó Gríofa “the most beautiful, the most patriotic and the most talented of Irish actresses” uirthi ina pháipéar Sinn Féin. Ina theannta sin, bhí Nic Shiubhlaigh páirteach le gluaiseacht na saoirse agus ina ball de Chumann na mBan. Bhíodh sí an-ghníomhach sna ceolchoirmeacha agus na haeraíochtaí a d’eagraídís. Bhí freagracht ar leith aici le linn Éirí Amach 1916 nuair a bhí sí i gceannas ar na mná a chaith Seachtain na Cásca i monarcha Jacobs. Is féidir léargas níos fearr a fháil ar a saol le linn an trátha chéanna ina cuimhní cinn The Splendid Years (1955).

Máire Nic Shiubhlaigh, 1904

Bean eile a thuill meas ar a ndearna sí le linn Éirí Amach 1916 ab ea Eibhlín Ní Éigearta. Tugadh bonn di i ngeall ar an méid a rinne sí in Inis Córthaidh i gcaitheamh an Éirí Amach nuair a ghlac na hÓglaigh seilbh ar an mbaile. I mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí a rugadh Eibhlín ar an 19 Aibreán 1893. Thug scoláireacht go Clochar Loreto i Loch Garman í agus fuair sí post múinteora ann. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus chaill sí a post i dtreo dheireadh 1915 mar mheas na mná rialta go raibh aidhmeanna náisiúnaíocha á múineadh aici sa scoil. D’imigh sí go Londain, áit ar thosaigh sí ag múineadh ranganna Gaeilge i gConradh na Gaeilge. Bhí sí ar dhuine den bheirt mhúinteoirí ba mó a mhúin Gaeilge do Mhicheál Mac Liammóir le linn di a bheith ann de réir an chur síos uirthi in ainm.ie.

Ní hé gur bronnadh bonn ar Louise Gavan Duffy ach bhí sí i lár an aonaigh in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach 1916. Chuala sí go raibh éirí amach ar siúl agus í ag staidéar dá M.A. ina lóistín i mBóthar Haddington. Ní raibh scáth ná eagla uirthi nuair a chuala sé faoin Éirí Amach. Chuaigh sí caol díreach chuig Ard-Oifig an Phoist, áit ar chuir an Piarsach ag obair sa chistin í go ceann na seachtaine. Bhí sí ar an mbeagán daoine ar éirigh leo éalú amach as Oifig an Phoist tríd an ospidéal i Sráid Jervis. Bhunaigh sí féin agus Annie McHugh (a phós Earnán de Blaghd ina dhiaidh sin) Scoil Bhríde, meánscoil do chailíní, ag 70 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath i Meán Fómhair 1917. Dar leis an mbeathaisnéis in ainm.ie, ba mhinic coistí den Chéad Dáil ag cruinniú ann idir 1919 agus 1921 agus bhí sé ina theach tearmainn ag fir ar a gcoimeád. Is féidir a thuilleadh a léamh faoina saol spéisúil ag an nasc seo.

Bean eile a bhí gníomhach le linn an Éirí Amach agus i dteagasc na teanga i gcaitheamh na tréimhse céanna ab ea Jennie Wyse Power nó Siobhán de Paor mar a thugtaí uirthi. Bhí baint ag Power le go leor cumann náisiúnta a raibh cead ballraíochta ann ag mná ón mbliain 1880 ar aghaidh. Bhí sí ina ball de choiste gnó Shinn Féin ón tosach agus ina hoifigeach formhór an ama. De bhreis air sin, ba ise agus Micheál Ó Coileáin a bhí ina gcomhiontaobhaithe don airgead a bailíodh don Dáil agus bhí sí ina breitheamh sna cúirteanna poblachtacha. Bhí baint aici le Cumann na mBan ón uair a bunaíodh é agus toghadh í ina ball de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath thar ceann Shinn Féin. I Nollaig 1922 d’ainmnigh Liam T. Mac Coscair í ina ball den Seanad ar feadh 12 bliana.

Jennie Wyse Power

Bhí beirt iníonacha, Máire agus Neans, agus aon mhac amháin aici, Cathal. Bhí an triúr páistí ina mbaill de Chraobh an Chéitinnigh agus bhí Cathal ina bhall den Chonradh agus de Shinn Féin nuair nach raibh aige ach 13 bliana d’aois. Chaill Máire a post in 1916 nuair a síleadh gur ró-bháúil a bhí sí le lucht an Éirí Amach. Thug Neans na hordaithe slógtha go dtí an Bhuiríos i gCeatharlach roimh an Éirí Amach agus bhí sí ina cúntóir leighis in Ard-Oifig an Phoist. Níl anseo ach blaiseadh beag de chuid de na beathaí spéisiúla atá le fáil sa bhunachar ainm.ie. Tá neart seod eile le fáil ann ach iad a chuardach ag an nasc seo!