Gaois

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae an Chláir

Biddy Early i mbéal an phobail i gContae an Chláir le 200 bliain anuas. Tá trácht uirthi i scéalta a bailíodh i gContae na Gaillimhe agus i gContae Thiobraid Árann chomh maith céanna le Contae an Chláir féin. Tá neart leaganacha ann de scéal Biddy. Insíonn an scéal seo dúinn go raibh Biddy pósta trí huaire ina saol agus go bhfuair sí a cuid cumhachtaí mar gheall ar bhuidéal draíochta a thug grúpa sióg dá mac tar éis dó cluiche iomána a bhuachan ina gcoinne. Chuir an buidéal draíochta seo ar a cumas galar ar bith a leigheas. Faightear míniú difriúil ar ar tharla sa scéal seo ina n-insítear dúinn gur ghoid mac Biddy an buidéal ó na sióga. Bhí Biddy bhocht go mór i mbéal an phobail sa Chlár anuas go dtí 1995 ach ba ag clamhsán fúithi a bhí muintir an Chláir an babhta seo toisc gur chuir muintir an Chontae an milleán ar an mbean bhocht mar gheall ar an drochrath a bhíodh ar an bhfoireann iomána thar na blianta.

Biddy Early: the wise woman of Clare

Scéal thar a bheith cáiliúil i gContae an Chláir is ea scéal an Chailín Bháin. Eachtra thragóideach atá mar bhunús leis an scéal faoi chailín óg a thit i ngrá le William Scanlon (‘John Scanlon’ an fíorainm a bhí air ach bíonn go leor éagsúlachta ó thaobh firicí an scéil de i mbéaloideas an cheantair). Bhí muintir an Chailín Bháin go maith as ach bhí William Scanlon i bhfiacha. De réir an scéil seo bheartaigh Scanlon fáil réidh leis an gCailín Bán. Thug sé cuireadh di dul ar turas báid leis agus bháigh sé í áit éigin idir Tairbeart i gContae Chiarraí agus Cill Rois i gContae an Chláir. Bhí Dónall Ó Cónaill ina abhcóide cosanta aige. Tá roinnt leaganacha éagsúla den scéal céanna ar fáil sna himleabhair a bhaineann le Contae an Chláir. Féach na torthaí ón gcuardach téacs ar ‘colleen bawn’ chomh maith leis na torthaí seo ar ‘cailín bán’.

Bhí an Ghaeilge fós á labhairt in Iarthar Chontae an Chláir anuas go dtí na 1970í agus go deimhin tá neart Gaeilge ar fáil sna scéalta a bailíodh timpeall an cheantair ó Charraig an Chabhaltaigh siar go Cill Bheathach agus ceantair eile ar fud Cheann Léime. Tá an chuid is mó den imleabhar seo scríofa as Gaeilge agus is scéalta iad a bailíodh i gCarraig an Chabhaltaigh. Beidh scéal faoi Fhionn Mac Cumhaill ag feitheamh ort ar an gcéad leathanach agus neart seod eile as Gaeilge ó thús go deireadh an imleabhair.

Tá caoineadh ó Chill Bheathach le léamh anseo agus ‘Brón na Farraige’ atá air. Tá téama na farraige an-bhisiúil i mBéaloideas Iarthar an Chontae mar a mbeifí ag súil leis i gcontae atá buailte díreach ar an Aigéan Atlantach.

Níl le déanamh anois agaibh a léitheoirí dile ach brú anseo chun dul ar thóir na seod, i nGaeilge agus i mBéarla araon, atá i dtaisce i mBailiúchán an Chláir. Bígí ag póirseáil trí ábhar an Chláir.