Gaois

Scéalta as Liatroim

I ndeireadh mhí Iúil 1935, labhair Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Oinigh Choimisiún Béaloideasa Éireann, ag cruinniú chraobhacha Liatroma de Chumann Múinteoirí Éireann. Rinne sé cur síos ar Scéim na Scol agus ar an tábhacht a bhain le hábhar béaloidis a bhailiú ar fud na tíre agus i gContae Liatroma go háirithe, mar a tuairiscíodh in The Leitrim Obsever (27.7.1935): ‘Leitrim teems with associations of ancient days, and as it is pointed out that it is one of the richest in oral traditions and folklore of any of the counties of Ireland, the material is at hand ripe for the picking.’

Níl aon amhras go bhfuil saibhreas béaloidis gan áireamh i measc ábhar Liatroma i mBailiúchán na Scol. Is féidir léamh faoin dóigh ar tháinig an giolla rua ar an saol, cineál bric nach bhfaightear ach i Loch Meilbhe. De réir an tseanchais, chruthaigh Naomh Maodhóg as cnámha sicín é nuair a bhí sé ag déanamh aoine ar fheoil, agus tá eagaois ar nós sicín ag an iasc úd ó shin. Tá scéalta faoi shoiscéal nó cumhdach Naomh Molaise agus a úsáid le mionnaí a thabhairt. Dá dtabharfá mionn bréige, ba ghairid go n-imeofá as do mheabhair! Is iomaí scéal atá ann faoi dhobharchúnna Loch Ghleann Éada a mharaigh Bean Mhic Lochlainn – Grace Connolly – agus an díoltas a d’imir a fear céile orthu. Tá iomrá go bhfuil na beithígh allta seo fós le feiceáil ar leac a huaighe i reilig na Conbhála! Tá neart scéalta agus amhrán faoi eachtraí agus cathanna stairúla, go háirithe faoi theacht na bhFrancach agus cath Bhéal Átha na Muice.

Mar is iondúil i mBailiúchán na Scol, ní dhéantar dearmad ar éachtaí na ndaoine áitiúla agus tá ábhar ann faoi cheannaire 1916, Seán Mac Diarmada, ar de bhunadh Liatroma é. Ar an taobh eile de, tá neart scéalta le léamh faoi na bithiúnaigh ar mhair a gcruálacht agus a míchlú go daingean sa bhéaloideas áitiúil. Ina measc siúd, tá cuntais ar an Tiarna Liatroma ar ndóigh (‘the Irish got the name of been dirty by the English that compelled them to live in dirty houses but soap and water cleans the Irish’), agus ar Sheán Mac Raghnaill – nó ‘Seán na gCeann’ mar a thugtaí air – a raibh caisleán aige ar chladach Loch an Scoir. Cé go bhfuil formhór an ábhair i mBéarla, tá roinnt bheag d’iarsmaí Ghaeilge Liatroma ar marthain mar gheall ar Scéim na Scol.