Gaois

Scéalta na Nollag ó Bhailiúchán na Scol

Tá an-chuid traidisiún agus nósanna ag baint leis an Nollaig in Éirinn agus tugtar spléachadh ar dhá thraidisiún a bhaineann le haimsir na Nollag sa bhlagmhír seo – an chleamaireacht agus dul sa dreoilín. Téann na gnásanna seo siar i bhfad agus maireann siad in áiteanna áirithe timpeall na tíre go fóill.

Is traidisiún coitianta é sa tír seo Lá an Dreoilín a cheiliúradh. Is nós le daoine cultacha bréige a chur orthu agus a shiúl ó dhoras go doras ag canadh amhrán an dreoilín agus ag seinm ceoil i gceantair áirithe. Baineann amhráin faoi leith le ceantair shonracha. Dar leis an scéal seo ó Cho. na Gaillimhe, bhíodh sé de nós ag buachaillí óga an cheantair dul amach ar an 26ú Nollaig mar bhuachaillí an dreoilín. Bhídís ag dul ó dhoras go doras ag lorg airgid. Bhíodh orgán béil agus buicéad ag cuid acu agus trumpa stáin ag cuid eile acu. Bhídís ag canadh agus ag damhsa agus bhíodh ranna éagsúla á rá acu ag doras an tí, mar shampla:

Suas leis an túlán, agus síos leis an bhfríochtán, Tabhair dom pighin chun an dreoilín a chur.

Chuireadh buachaillí an dreoilín scanradh ar pháistí óga mar bhíodh maidí agus bataí ag cuid acu. Cheanglaítí dreoilín marbh ar bhata cuilinn agus d'iompraídís leo é. Dar leis an scéal seo, ba as an gcreideamh a d’eascair an nós sin mar gur inis an dreoilín do na saighdiúirí cá raibh Íosa i bhfolach.

Is beag airgead a bhí ag daoine an tráth úd agus thug Lá an Dreoilín deis do dhaoine óga cúpla pingin a thuilleamh. Chaití an t-airgead ar chóisirí nó ar shiamsaíocht nó ar alcól. Bhíodh sé de nós ag daoine i gceantair áirithe cóisir mhór a reáchtáil chomh maith.

go leor cosúlachtaí le feiceáil idir scéalta lucht an dreoilín agus nósanna na gcleamairí ar Dúchas.ie. Faightear léargas maith ar thraidisiún na gcleamairíThe Mummers sa scéal seo. Théadh grúpaí ó dhoras go doras aimsir na Nollag agus cultacha bréige orthu. Chantaí amhráin nó dhéantaí léiriú ar dhráma gearr. Dar leis an scéal seo, ba mhinic a bhunaítí carachtair an dráma ar laochra staire na hÉireann, mar shampla, FerdiaCúchulainn. Is féidir na scéalta a bhaineann leis an gcleamaireacht a chuardach i mBailiúchán na Scol anseo.

Murab ionann agus imeachtaí lucht an dreoilín a reáchtáladh ar Lá an Dreoilín amháin, tréimhse ní b’fhada ab ea tréimhse na cleamaireachta i gceantair áirithe. Dar leis an scéal seo, bhain an chleamaireacht le haimsir an gheimhridh amháin agus thagadh sé chun críche i dtús an tsamhraidh. Dar leis an gcuntas seo ón Charraig, Co. Loch Garman, bhítí ag cleamaireacht gach Domhnach ach ní fios ar bhain an nós seo le tréimhse an gheimhridh amháin.

Ní thugtar ach blaiseadh beag sa bhlagmhír seo ar chuid den seanchas a bhaineann leis an tráth seo den bhliain. Is féidir teacht ar neart seod eile ach cuardach a dhéanamh anseo ar Dúchas.ie.