Gaois

Scéalta ó Chontae Mhaigh Eo

Is deacair a gceart a thabhairt do chultúr agus do scéalta mhuintir Mhaigh Eo in alt gearr mar seo. Téann stair an chontae siar i bhfad, rud a léirítear go soiléir i mBailiúchán na Scol.

Mar is eol dúinn, tá cósta Mhaigh Eo mar chuid den Ghaeltacht, agus dá bhrí sin, tá idir scéalta Béarla agus scéalta Gaeilge le fáil i mBailiúchán na Scol. Faightear blaiseadh de Gaeilge Chonnacht sna seanfhocail Ghaeilge a scríobh muintir Iorrais agus is féidir teacht orthu anseo.

Chomh maith leis an teanga, is cuid thábhachtach de chultúr an cheantair é an ceol. B'fhiú do dhuine ar bith atá ag iarraidh cúpla port nua a fhoghlaim sracfhéachaint a thabhairt ar chlár ábhair an chóipleabhair seo, áit a bhfuil liricí agus bileoga ceoil le fáil ann, mar shampla, Málaí Sléibhte agus Abha Mhór.

B'fhiú do dhuine ar bith atá ag iarraidh cúpla port nua a fhoghlaim sracfhéachaint a thabhairt ar chlár ábhair an chóipleabhair seo, áit a bhfuil liricí agus bileoga ceoil le fáil ann

Neillí

D’fhág go leor laochra rian ar áiteanna éagsúla timpeall an chontae. Idir ghnáthdhaoine agus daoine uaisle a bhí i gceist agus tá scéalta spéisiúla fúthu ar fad le fáil i mBailiúchán na Scol. Dá bhrí sin, ní haon ionadh go bhfuil neart scéalta faoi Naomh Pádraig ag muintir Thaobh na Cruaiche, mar is eisean naomhphátrún an cheantair sin. Traidisiúin ársa a mhaireann sa cheantar go fóill is ea an turas a dhéantar ar Dhomhnach na Cruaiche – is iomaí duine a théann suas Cruach Phádraig ar an Domhnach deiridh i Mí Iúil. Chomh maith leis sin, ainm an-choitianta is ea Pádraig sa cheantar céanna. Is féidir a thuilleadh a léamh faoi Naomh Pádraig sa bhlagmhír seo.

Cruach Phádraig

Is sloinne sárchoitianta é ‘Ó Máille’ i gCo. Mhaigh Eo – is beag duine nár chuala faoin mairnéalach clúiteach Gráinne Mhaol Ní Mháille. Ba ghaol léi an Captaen Ó Máille, agus tá dealramh air go raibh an fear sin chomh lán ealaíon le Gráinne. Carachtar eile ba ea Sir Samuel O’Malley. Mhaígh sé ginealas ar Ghráinne Mhaol, ach bhí sé an-dílis do na Sasanaigh. Faigh amach anseo faoinar tharla dó agus dá mhuintir.

Ní féidir Co. Mhaigh Eo a phlé gan trácht a dhéanamh ar Chnoc Mhuire. Bhíodh páistí na háite sin ag tnúth go mór leis an 22 Meitheamh i gcónaí nuair a thagaidís go léir le chéile chun paidreacha a rá agus chun taitneamh a bhaint as an lá.

“On St. John’s Day all the youngsters of the nearby districts would gather at the famous Knock Church to pray and amuse themselves.”

Cnoc Mhuire

Tugann scéalta Bhailiúchán na Scol léargas dúinn ar mheon na ndaoine chomh maith leis an saol a bhí acu fadó. Is cosúil nach raibh meas madra ag muintir Mhaigh Eo ar mhuintir an Chláir – faigh amach cén fáth anseo.

Tá cuntas cuimsitheach ar neart ceirdeanna nach gcleachtar a thuilleadh sa cheantar, ina measc siúd áirítear conas brící, caipíní bána, flainín agus scuaba a dhéanamh.

I measc na scéalta suimiúla eile áirítear an ceann seo ó mhuintir Urláir, baile fearainn in oirthear an chontae, a raibh a nOllphéist féin acu – torc a bhí ann! Is féidir léamh faoi anseo. Chomh maith leis sin, is ó chailín a raibh cónaí uirthi i dTamhnaigh an Fheá an scéal seo. Ba faoina baile fearainn a bhí sí ag scríobh, agus faoin gcóras iompair chomh maith. Féach ar an abairt seo a leanas:

“They had no railways at that time and when the ‘spalpins’ used to be going to England they used have to walk to Dundalk and then sail in a sailing boat to England.”

Ní fheadar cad a déarfadh an cailín sin anois agus aerfort Chnoc Mhuire trasna an bhóthair uaithi!