Gaois

Scéalta Spóirt i mBailiúchán na Scol

Deirtear gur maith an t-iománaí an fear ar an gclaí agus is fíor é an ráiteas sin go fóill, go háirithe agus cluichí móra peile agus iománaíochta ag teannadh linn i gcaitheamh an fhómhair. Caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt scéalta a bhaineann le cúrsaí peile agus iománaíochta i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar chuid de na scéalta suimiúla a bhaineann leis an dá spórt.

Micheál Ó Coileáin ag cur tús le cluiche iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 1921

Bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 agus is iomaí athrú atá tar éis teacht ar an eagraíocht, ar na cluichí agus ar na rialacha ó shin. Ní bhítear ar aon fhocal amháin faoi na rialacha sa lá atá inniu ann agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gurbh in mar a bhí riamh.

Bhíodh sliotair níos mó agus camáin níos lú in úsáid ag imreoirí iománaíochta agus bhaintí úsáid as lamhnán muice mar liathróid peile. Déantar cur síos sa scéal seo ar an gcaoi a líontaí an lamhnán le haer. Dar leis an scéal seo, bhíodh ar na himreoirí teacht ar bhataí cama sula gcuirtí tús leis an gcluiche iománaíochta agus ní chuirtí tús leis an imirt go dtí go mbíodh ‘camóg’ aimsithe ag gach imreoir. Bhíodh cuaillí in úsáid ar uairibh agus uaireanta eile d’imrítí na cluichí idir dhá bhaile nó idir dhá áit ar leith. Tugtar léargas sa scéal seo ar an gcaoi a mbíodh ceithre chuaille in úsáid agus d’fhaightí cúl as an liathróid a chur tríd an dá chuaille sa lár agus cúilín as an liathróid a chur tríd an dá chuaille taobh amuigh – rud atá an-chosúil leis an bpeil Astrálach a imrítear inniu.

Cúig dhuine dhéag a bhíonn ar na foirne anois, ach ní bhíodh teorainn ar líon na n-imreoirí sna scéalta atá le fáil in dúchas.ie. Feictear sa scéal seo ó Bhéal Átha Gabhann, Co. Thiobraid Árann go mbíodh imreoir is fiche ar gach foireann agus go mbíodh dhá réiteoir ann chomh maith. De bhreis air sin, tá cuntas sa scéal seo ar dhá chéad imreoir ag imirt ar gach foireann, na himreoirí ag caitheamh an sliotar thar chlaíocha agus gach imreoir ag rith thart cosnochta!

Difear suntasach eile is ea an difear idir na geansaithe a bhíonn ag na foirne peile agus iománaíochta inniu agus na geansaithe a chaití na blianta ó shin mar a léirítear sa scéal seo.

I gcásanna áirithe is cosúil go mbíodh dathanna ar leith ar gheansaithe na bhfoirne agus chaithidís iad le haghaidh cluichí móra. In áiteanna éagsúla a bhíodh na páirceanna imeartha suite agus is féidir cur síos a léamh sa scéal seo ar an mbaol a bhaineadh le cluichí a imirt ar ghort contúirteach amháin. Ní chaití clogaid ar ndóigh agus is cosúil go mbíodh na cluichí i bhfad ní ba dhainséaraí ná na cluichí sa lá atá inniu ann. Tá cur síos an-spéisiúl le fáil sa scéal seo ar phlean chun iománaí cáiliúil darbh ainm Landrigan a fheallmharú le linn cluiche iománaíochta i gCill Shléibhe, Co. Thiobraid Árann.

Bhíodh roinnt frásaí Gaeilge in úsáid i gcaitheamh na gcluichí agus bhíodh na frásaí Gaeilge fite fuaite leis an mBéarla ar uairibh. Is féidir sampla maith a léamh anseo.

Tá cáil mhór ar na himreoirí idirchontae inniu agus is léir ó na scéalta in dúchas.ie go dtéann an cháil sin i bhfad siar. Déanann Ciarraíoch cur síos ar an bpeil ina cheantarsa sa scéal seo agus déantar cur síos ar na himreoirí as Cill Chainnigh a d’imríodh ó ghlúin go glúin sa sliocht seo. Ina theannta sin, tá ceangal ar leith idir an paróiste baile agus an fhoireann áitiúil go fóill. Ina ainneoin sin, déantar cur síos sa scéal seo ar aighneas idir an baile uachtair agus an baile íochtair i gCill Chaoi, Co. an Chláir.

Cén chaoi a n-imrítí peil agus iománaíocht i do bhaile féin? Cé hiad na seanlaochra a bhfuil clú agus cáil orthu go fóill? Ní gá ach cuardach a dhéanamh i mBailiúchán na Scol chun a thuilleadh scéalta suimiúla a léamh – caithigí súil ar an gcnuasach inniu!