Gaois

Sean-nósanna an Charghais

Caithfimid súil anseo ar chuid de na seantraidisiúin a bhaineann leis an gCarghas agus le haimsir na Cásca. Faightear blaiseadh maith de na sean-nósanna spéisiúla i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar chuid acu anseo – cuid acu a mhaireann go fóill agus cuid eile acu atá imithe i léig.

Máirt na hInide

Is iondúil go ndéantar pancóga ar Mháirt na hInide sa lá atá inniu ann, ach is nós é seo a théann siar i bhfad. Déantar cur síos i scéal amháin ó Na Sceirí ar an traidisiún a bhaineadh le pancóga a dhéanamh agus a ithe roimh throscadh an Charghais. Is traidisiún é sin a mhaireann in Éirinn go fóill. Faightear seanoideas le haghaidh pancóga a dhéanamh sa scéal seo agus, dar leis an gcuntas céanna, bhíodh na pancóga úd i bhfad níos blasta ná na cinn a ithimid inniu. Ní fheadair cén fáth – siúcra agus uachtar ba ea na príomh-chomhábhair! Tá cur síos eile ar fáil sa scéal seo ar phancóga a dhéanamh ar Mháirt na hInide agus ar fháinne a chur sna pancóga.

Faightear léargas i scéalta áirithe ar an traidisiún a bhaineadh le pósadh nó cleamhnas a dhéanamh le linn na hInide (an tréimhse idir an Nollaig agus an Carghas). Ba nós le daoine pósadh roimh Mháirt na hInide toisc nach mbíodh cead acu pósadh i rith an Charghais. Dar leis an scéal seo ó Chontae Chiarraí, théadh buachaillí thart ar Mháirt na hInide agus chasaidís téad mór timpeall ar na cailíní nach raibh pósta agus thiomáinidís go dtí Sceilg Mhichíl iad – na mná bochta!

Is féidir a thuilleadh a léamh faoin traidisiún sin agus Liostaí Sceilge sa scéal seo.

Céadaoin an Luaithrigh

Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh agus feictear go mbíodh diantroscadh á dhéanamh ag daoine le linn na tréimhse úd. Bhíodh sé de nós ag na fir iarracht a dhéanamh éirí as an tobac agus feictear tagairtí don ‘troscadh dubh’ i gcuid de na scéalta chomh maith. D’óltaí tae gan bhainne agus bhíodh bac ar im, ar uibheacha agus ar shiúcra i dtithe áirithe. Mhaireadh an troscadh ar feadh seacht seachtaine agus tá cuntas cuimsitheach ar na nósanna a bhaineadh le Céadaoin an Luaithrigh agus leis an gCarghas le fáil sa scéal seo. Feictear go maireann cuid mhaith de na nósanna céanna go fóill, mar shampla, éirí as an troscadh ar Lá Fhéile Pádraig! Théití ar Aifreann ar Chéadaoin an Luaithrigh agus ghearradh an sagart comhartha na croise ar an gclár éadain. Maireann an nós céanna inniu ach níl sé chomh láidir agus a bhíodh sé na blianta ó shin. Is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur nós an-choitianta é mar luaitear é i nach mór gach aon chuntas ar Chéadaoin an Luaithrigh.

An Cháisc

Thagadh deireadh leis an troscadh ar Dhomhnach Cásca agus d’ití uibheacha ag deireadh an Charghais. Dar leis an scéal seo, ní bhíodh mórán tráchta ar uibheacha seacláide an tráth úd – ach fíoruibheacha cearca a d’ití agus feictear sa scéal seo gur fíoruibheacha amháin a bhíodh á n-ithe ag na páistí. I dtithe áirithe bhíodh sé de nós ag na páistí uibheacha a bhailiú le linn an Charghais agus picnic a bheith acu ar Dhomhnach Cásca. Chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag daoine na huibheacha a chur i bhfolach agus rachaidís ag tóraíocht na n-uibheacha ar Dhomhnach Cásca – rud a dhéantar go fóill ach le huibheacha seacláide! Luaitear nós amháin eile atá imithe i léig i roinnt scéalta i mBailiúchán na Scol. D’éirítí go luath ar maidin chun an ghrian a fheiceáil ag damhsa “le teann áthais maidin Domhnaigh Cásca”. Chreidtí fadó go mbíodh an ghrian ag damhsa sa spéir mar gheall ar aiséirí Íosa Críost. Sean-nós is ea é atá i bhfad níos sláintiúla ná an iomarca seacláide a ithe!