Gaois

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá breis agus 250,000 scéal as Bailiúchán na Scol (1937-39) ar fáil ar an suíomh gréasáin dúchas.ie faoi láthair agus is féidir cuardach de réir topaicí a dhéanamh ar na scéalta anseo. Is minic a deirtear gur ábhar mór comhrá í an aimsir in Éirinn agus tagann líon na scéalta a bhaineann le seanchas aimsire ar dúchas.ie leis an dearcadh sin. Luaitear os cionn 6,000 scéal leis an topaic ‘seanchas aimsire i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar rogha scéalta spéisiúla a fhaightear ann.

Nuair a bheidh radharc i bhfad amach ar an bhfarraige agat bíonn drochaimsir air.

An Bailiúchán Grianghraf, A001.24.00027 © Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Is iomaí comhartha aimsire a luaitear sna cuntais ar dúchas.ie, agus cé go mbítear ag brath ar réamhaisnéis na haimsire agus ar aipeanna éagsúla chun an aimsir a thuar sa lá atá inniu ann, ní bhíodh na hacmhainní teicneolaíochta céanna ar fáil don phobal i gcónaí. Ba ag brath ar chomharthaí éagsúla timpeallachta a bhíodh feirmeoirí agus iad siúd a bhíodh ag obair sna goirt agus sna portaigh i dtús an chéid seo caite. Maireann cuid de na comharthaí aimsire sin go fóill toisc gur minic a cumadh rann nó dán chun cuimhneamh orthu.

Seanchas i dtaobh na haimsire

Ní haon ionadh é go bhfuil neart tagairtí don bháisteach sna scéalta i mBailiúchán na Scol. Ina theannta sin, déantar tagairt d’iompar ainmhithe i gcuid mhaith de na scéalta faoin drochaimsir. Dar leis an gcuntas seo, is comhartha maith báistí é an madra a thosaíonn ag ithe féir nó an cat a mbíonn a dhroim leis an tine aige. Moltar súil a choimeád ar na hainmhithe i gcónaí más mian leat an aimsir a thuar. Níor cheart a bheith ag súil le haimsir shocair nuair a fheictear na faoileáin ag teacht isteach faoin tír nó nuair a bhíonn na ba nó na caoirigh ag ithe go tapa ar maidin de réir an scéil seo. Má thagann dath dubh ar dhroim na bhfroganna agus má chloistear iad ag srannadh sna claíocha is comharthaí báistí iad sin chomh maith.

Ní cur síos ar dhrochaimsir amháin atá ar fáil i scéalta Bhailiúchán na Scol, ach tugtar le fios go léiríonn iompar na n-ainmhithe roinnt comharthaí dea-aimsire chomh maith. Nuair a bhíonn na fáinleoga thuas sa spéir bíonn aimsir bhreá ag teacht agus nuair a bhíonn siad ag eitilt in aice leis an talamh bíonn aimsir fhliuch geallta.

Seanchas i dtaobh na haimsire

Níl anseo ach blaiseadh de chuid de na comharthaí aimsire atá ar fáil i scéalta Bhailiúchán na Scol. Is féidir na scéalta eile a luaitear faoin topaic ‘seanchas aimsire’ a chuardach anseo agus léargas a fháil ar chuid de na sean-nósanna a bhaineann le réamhaisnéis na haimsire in Éirinn. An mairfidh cuid acu go gceann tamaillín eile? Neosfaidh an aimsir!

Údar: Hannah Ní Chonghaile (Mac léinn ar thaithí oibre)