Gaois

Seimineár Poiblí ar an Ríomhaireacht sa Ghaeilge

D’óstáil Fiontar & Scoil na Gaeilge seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar an 8 Bealtaine agus reáchtáladh lá lán de chainteanna ó dhaoine éagsúla mar chuid den seimineár. Seoladh an leabhar, An Ríomhaire Ilteangach, le Michal Boleslav Měchura, mar chuid d’imeachtaí an lae chomh maith. Craoladh an imeacht ar fad beo ar líne agus is féidir súil eile a thabhairt ar na cainteanna uile anseo murar éirigh leat freastal ar an ócáid.

An Ríomhaire Ilteangach

Cuireadh tús le himeachtaí an lae le heochairchaint ón Ollamh Kevin Scannell as Ollscoil Saint Louis. ‘Struchtúr na Gaeilge mar bhuntáiste sa ríomhtheangeolaíocht’ an teideal a bhí ar an gcaint agus tharraing sé aird an lucht éisteachta ar an gcaoi a mbaintear úsáid as ríomhchláir éagsúla chun anailís a dhéanamh ar nGaeilge ina chaint spreagúil.

Thug Éamonn Ó Dónall (Gaelchultúr) spléachadh ar úsáid éifeachtach na ríomhfhoghlama i dteagasc na Gaeilge agus rinne Neasa Ní Chiaráin cur i láthair faoin obair atá ar bun aici ar an tionscadal abair.ie i gColáiste na Tríonóide. Ina theannta sin, thug Colm Ó Coisdealbha (Oifig an Choimisinéara Teanga) léargas ar na seirbhísí leictreonacha trí Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí roimh an gcéad bhriseadh tae.

Kevin Scannell i mbun cainte

Chuir Ciarán Ó Bréartúin (nascanna.com & scríobh.ie) tús le himeachtaí arís i ndiaidh bhriseadh tae na maidine. Thug Ronan Doherty, dearthóir suíomhanna gréasáin (an ceann seo ina measc), léargas ar na dúshláin ar leith a bhaineann le suíomhanna gréasáin a dhearadh; agus rinne Cathal Convery (Foras na Gaeilge) cur i láthair ar an gcaoi a mbaintear leas as corpais san fhoclóireacht le roinnt samplaí ó Nua-Chorpas na hÉireann. Thug Aodhán Mac Cormaic (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) spléachadh ar an bPlean Digiteach don Ghaeilge agus chuir Micheál Ó Meachair clabhsúr ar na cainteanna trí léargas a thabhairt ar obair an Ríomhacadaimh agus ar an obair logánaithe ata idir lámha ar bhonn deonach sa réimse.

Michal Boleslav Měchura agus Kevin Scannell

Sheol Kevin Scannell, príomhchainteoir na maidine, an leabhar An Ríomhaire Ilteangach i dteannta an údair, Michal Boleslav Měchura, ag deireadh an lae agus is féidir teacht ar chóip den leabhar anseo.