Gaois

Taithí a dhéanann máistreacht…

Chaith Mairéad Willis dhá mhí ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sí cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aici.

Is minic a chloistear leagan éigin den scéal faoin Meiriceánach atá ag foghlaim na Gaeilge agus ag filleadh ar a dhúchas in Éirinn. B’amhlaidh an cás dom féin nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge trí bliana ó shin i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame. Ó shin i leith, chaith mé samhradh amháin i nDún na nGall ag déanamh staidéir ar an teanga agus chaith mé an samhradh seo caite ag obair trí mheán na Gaeilge in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Dar le mo mhuintir agus le mo chairde sa bhaile, ní leor an nasc le mo shinsir amháin dom a thuilleadh. Cheap mo mháthair go raibh mé ag siúl amach le hÉireannach go rúnda, mar níor chreid sí go raibh sé ar intinn agam dul ar ais go hÉirinn arís ar son na Gaeilge amháin.

Mise sa Bhoireann i gContae an Chláir i gcaitheamh an tsamhraidh.

Cad ba chúis leis an tsuim seo? Ar an gcéad dul síos, ní féidir a shéanadh nach bhfuil buntáistí ag baint le teanga a fhoghlaim. Nach iontach an rud é a bheith in ann filíocht Nuala Ní Dhomhnaill a léamh ina teanga dhúchais? Nach deas an rud é gur féidir comhrá a dhéanamh as Gaeilge le duine atá níos compordaí caint leat ina t(h)eanga féin ná i mBéarla? Bíonn dúshlán i gceist le staidéar a dhéanamh ar theanga ach, ar a laghad, bíonn ábhar spéisiúil cainte agam in agallaimh poist!

Mise ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge

Le linn dom a bheith ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, chaith mé formhór mo chuid ama ag obair ar na tionscadail taighde gaois.ie agus dúchas.ie. Bhain an obair seo le téacsanna a thiomsú agus a chur in eagar do Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha agus le hinnéacsú grianghraf mar chuid de Thionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Bainim úsáid rialta as na hacmhainní éagsúla a forbraíodh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, agus mé i mbun staidéir, agus bhí an t-ádh orm an deis a fháil i mbliana seal a chaitheamh ag obair ar chuid de na tionscadail taighde sin le linn an tsamhraidh.

Bhain mé an-taitneamh as na míonna a chaith mé ag obair in DCU agus braithim go bhfuil feabhas mór i ndiaidh teacht ar mo chuid Gaeilge. Nuair a tháinig mé go hÉirinn i dtús an tsamhraidh, ní raibh mé in ann gach rud a thuiscint i gcónaí, ach creidim gur tháinig feabhas ar mo chumas teanga agus ní mór dom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe san oifig as cuidiú liom. Thaitin an tréimhse a chaith mé ag obair leis an bhfoireann go mór liom, agus iarrfaidh mé ar mo chairde ar fad i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame leas a bhaint as na hacmhainní agus na háiseanna éagsúla a fhorbraítear in Fiontar & Scoil na Gaeilge amach anseo.