Gaois

téarma.ie ar na meáin shóisialta

Blog post is available in Irish only

Rinneadh athchóiriú ar leathanach Facebook téarma.ie le déanaí agus cruthaíodh cuntas úrnua don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh deireadh le seanleathanach téarma.ie ar Facebook ós rud go raibh sé fós nasctha le seanainm an tsuímh, focal.ie. Chomh maith leis sin, cruthaíodh cuntas nua ar Instagram. As seo amach, beidh na cuntais Facebook, Instagram agus Twitter nasctha le chéile agus déanfar ‘téarma an lae’ a phostáil ar na hardáin meán sóisialta seo i dteannta a chéile.

Roinnfear ‘téarma an lae’ ó téarma.ie ar na meáin shóisialta éagsúla mar aon le híomhá ina mbeidh an téarma féin maille le leagan Béarla den téarma agus roinnt haischlibeanna ábhartha. Is é sprioc an chur chuige nua seo téarmaí a roinnt leis an bpobal i gcoitinn ar shlí thaitneamhach agus ar shlí fhísiúil. Féach thíos ar roinnt samplaí dá bhfuil i gceist leis na leathanaigh nua:

Déanfar ‘téarma an lae’ a phostáil ar bhonn laethúil agus is féidir teacht ar na téarmaí sin trí ‘téarma.ie’ nó #téarmaanlae a chuardach ar Facebook, Twitter nó Instagram. Tá fáilte is fiche romhaibh go léir na leathanaigh nua seo a leanúint agus an scéal a scaipeadh ar aon duine ar spéis leo téarmaí nua Gaeilge a fhoghlaim nó orthu siúd a bhfuil spéis acu i dtéarmaíocht na Gaeilge trí chéile. Tá an cur chuige seo fós ina thús agus cuirfear fáilte roimh aiseolas i gcónaí. Tús maith leath na hoibre!

Údar: Jamie Murphy