Gaois

Téarmaí Gailf ar téarma.ie

Blog post is available in Irish only

Mar is eol do lucht leanúna an ghailf in Éirinn, tá deireadh seachtaine mór ag druidim linn. Tá galfairí na hEorpa agus galfairí Mheiriceá réidh le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCorn Ryder a reáchtálfar i bPáras na Fraince ó 28-30 Meán Fómhair 2018.

Gan amhras ar bith, beidh foireann na hEorpa ag iarraidh díoltas a bhaint amach i mbliana agus an chraobh a thabhairt leo ó bhuaiteoirí an chomórtais dheireanaigh a bhí ar siúl in Minnesota dhá bhliain ó shin. Táthar den tuairim go mbeidh comórtas géar idir an dá fhoireann, ach go mbeadh an lámh in uachtar ag foireann na hEorpa an babhta seo toisc go bhfuil an comórtas ar siúl san Eoraip agus nach bhfuil Corn Ryder buaite ag foireann Mheiriceá ar thalamh na hEorpa le 25 bliain anuas.

Sula gcuirtear tús leis an gcomórtas mór seo, is mithid súil a chaitheamh ar sciar beag de na téarmaí gailf atá ar fáil san Fhoclóir Nua Spóirt ar téarma.ie (An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge). Chuir Fiontar, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta, an bailiúchán téarmaí spóirt i dtoll a chéile idir 2012 agus 2016 agus is féidir teacht ar an mbailiúchán anseo.

Is bailiúchán cuimsitheach é seo agus is iomaí réimse spóirt atá clúdaithe ann, mar shampla, galf, iománaíocht, haca oighir, dornálaíocht, na healaíona comhraic, sacar agus boghdóireacht. Ar ndóigh, is iad na téarmaí gailf atá faoi chaibidil sa bhlagmhír seo agus tugtar spléachadh ar chuid de na samplaí is spéisiúla thíos.

“éinín”

Sampla úsáide ó Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha:

‘Bím dírithe go hiomlán ar roghnú a dhéanamh ar an áit is fearr a fhágfaidh seans agam ar éinín leis an dara buille.’ Chaith Hogan oiread ama ag cleachtadh agus ag cuimhneamh faoin gcluiche go ndeireadh a chomhghleacaithe go magúil faoi go mba é a chéad cheap an teoiric gur as sin a thagann máistreacht. https://tuairisc.ie/cleachtadh-a-dheanann-maistreacht-teannaim-oraibh-amach-go-speanfaidh-me-daoibh/

“amasán”

Sampla úsáide ó Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha:

Má léiríonn sé an cumas céanna leis an amasán agus atá léirithe aige go dtí seo i mbliana, d’fhéadfadh go mbeidh áit aige i measc an deichniúr is fearr ar an Domhnach. https://tuairisc.ie/cuigear-a-dfheadfadh-a-bheith-ina-maistri-in-augusta/

“poll d’aon bhuille”

Sampla úsáide ó Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha:

Dá dtabharfadh Dustin agus Paulina faoi 18 poll ar maidin amárach, thabharfadh an geallghlacadóir 12,500:1 duit dá gceapfá go gcuirfeadh sí an liathróid go ceann cúrsa d’aon bhuille amháin sula mbeadh an imirt déanta. https://tuairisc.ie/cleachtadh-a-dheanann-maistreacht-teannaim-oraibh-amach-go-speanfaidh-me-daoibh/

“dumhach ghailf”

Sampla úsáide ó Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha:

TIGL Ireland Enterprises Teoranta a rinne an t-iarratas agus 'siad Donald Trump agus triúr leanaí dá chuid atá mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht sin. Deir an comhlacht go bhfuil gá leis an mbeirm chun an galfchúrsa a chosaint ó chreimeadh agus chun a chinntiú go leanfaidh turasóirí a chaitheann go leor airgid ag teacht go dtí an ostán agus go dtí an dumhach ghailf. Tá an Chomhairle in ainm is cinneadh a dhéanamh ar an iarratas ar an gceathrú lá do Iúil. https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0614/795533-breis-is-100-aighneacht-faoi-hiarratas-cead-pleanala-i-ndun-beag/

Údar: Conchúr Ó Sé