Téarmaí Rugbaí ar téarma.ie
Cé a dhéanfadh dearmad ar bhuaicphointí chraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí san am a chuaigh thart? Ó phreabchúl déanach Jonny Wilkinson i gcoinne na hAstráile chun Corn Webb Ellis a thabhairt go Sasana den chéad uair in 2003 go dtí bua stairiúil na hAfraice Theas agus in éadan na Nua-Shéalainne i gcraobh na bliana 1995, tá an comórtas tar éis dul i bhfeidhm go mór orainn ó bunaíodh é in 1987. Agus an 9ú heagrán ar siúl an fómhar seo tá lucht leanúna an rugbaí agus go leor eile nach leanann an spórt go dílis ar bís faoin gcoimhlint atá le teacht.
Níl amhras ar bith ann go bhfuil seans ag foireann rugbaí na hÉireann, faoi stiúir Joe Schmidt, Corn Webb Ellis a bhuachan den chéad uair toisc scuad láidir a bheith acu. Is iomaí uair a ceapadh a leithéid cheana, áfach, agus nár tháinig tuar faoin taringreacht! Agus níos mó ná 200 club rugbaí scaipthe ar fud fad na tíre, ó Chlub Rugbaí Chonamara agus Club Rugbaí na Gaeltachta i nGaillimh go Club Rugbaí Neidín i gCiarraí agus Club Rugbaí Mhúscraí i gCorcaigh, tá an rugbaí ag dul ó neart go neart in Éirinn agus an dúspéis ag an bpobal i gCorn an Domhain dá réir.
Agus an comórtas faoi lán seoil anois, is fiú súil a chaitheamh ar roinnt de na téarmaí rugbaí is spéisiúla atá ar fáil ar téarma.ie (An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge), áit a bhfuil teacht ar na céadta téarmaí rugbaí a d’fhaomh an Coiste Téarmaíochta thar na blianta.
Cumann Rugbaí na hÉireann
clibirt
cúlaithe
tosaithe / paca
leathchúlaí clibirte
leathchúlaí amuigh
loca pionóis
preabchúl
réiteoir teilifíse
Údar: Conchúr Ó Sé