Gaois

Téarmaí Spóirt ar téarma.ie

Blog post is available in Irish only

Tá buaicphointe fhéilire an Chumainn Lúthchleas Gael linn agus lucht leanúna na gcluichí Gaelacha ag baint an-taitneamh as na cluichí ceannais ar fad atá ar siúl faoi láthair. Bhí an bua ag Luimneach ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hiomána i mbliana agus d’éirigh leo corn Liam Mhic Chárthaigh a bhreith leo den chéad uair le 45 bliain anuas.

Íoslódáil: Téarmaí Peile agus Iománaíochta

Bhí Tír Eoghain ag imirt in aghaidh Bhaile Átha Cliath i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann ar an 2 Meán Fómhair, agus bhí Corcaigh ag imirt in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann ar an 9 Meán Fómhair. Beidh Corcaigh ag imirt in aghaidh Bhaile Átha Cliath i gCluiche Ceannais Pheil na mBan ar an 16 Meán Fómhair chomh maith.

Ar ndóigh, bíonn saineolas ag gach mac máthar an tráth seo bliana ar stíl imeartha na n-imreoirí, ar na cinntí a ghlacann réiteoirí agus ar na hathruithe a dhéanann bainisteoirí le linn na gcluichí. Is fiú súil a thabhairt ar téarma.ie chun teacht ar na téarmaí cuí más spéis leat páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí teasaí a bheidh ar siúl as seo go ceann cúpla seachtain.

Mar shampla:

Ina theannta sin, is féidir póstaeir téarmaí peile agus iománaíochta a íoslódáil anseo. Is féidir an bailiúchán ar fad a bhrabhsáil anseo. Ní gá ach réimse an spóirt a roghnú agus ginfear liosta téarma ábhartha duit.

Údar: Sorcha Ní Chnoic