Gaois

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise

Tugadh léargas ar thaighde atá ar siúl in Fiontar ar bhailiúchán saintéarmaí (Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise) sa bhlagmhír seo roimh an Nollaig. Anois, tá breis ábhair curtha leis an mbailiúchán agus leis an méid a foilsíodh ar téarma.ie cheana mar chuid den tionscadal céanna. Foilsíodh trí bhaisc de théarmaí eile le déanaí: slándáil ar líne (211 téarma), gléasanna móibíleacha (125 téarma) agus ríomhchumarsáid (71 téarma). Is bailiúchán forlíontach é seo, atá ag tógáil ar an téarmaíocht atá le fáil ar téarma.ie cheana – tá breis agus 13,000 téarma le fáil sa bhunachar anois a bhfuil an réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’ ag gabháil leo.

Seo thíos roinnt samplaí spéisiúla de na téarmaí a luaitear faoi na réimsí is déanaí:

Bíonn dúshláin ar leith ag baint le cuid de na téarmaí sa bhailiúchán seo agus rinneadh cuid mhaith taighde ar théarmaí áirithe. Ar an gcéad dul síos, bíonn an téarmaíocht sa réimse ag athrú agus ag forbairt i gcónaí agus tagann téarmaí nua ar an bhfód (agus imíonn téarmaí eile as feidhm) go rialta. Dá bhrí sin, is deacair an leagan is déanaí agus is reatha den téarma atá faoi chaibidil a dhéanamh amach ar uairibh. Ba mhór an cúnamh é an fochoiste le ceisteanna mar seo a phlé agus a réiteach.

Dúshlán eile ná gur téarmaí meafaracha iad cuid de na téarmaí Béarla agus, dá bhrí sin, bíonn an-chuid machnaimh agus taighde le déanamh chun a chinntiú go bhfuil brí an choincheapa tugtha slán sa téarma Gaeilge. Níos minice ná a mhalairt feictear go mbíonn an téarma Gaeilge níos intuigthe ná an téarma Béarla! Mar shampla, tugadh ‘bradaíl le linn luchtaithe’ ar juice jacking. Don té nach mbeadh taighde déanta aige ar an téarma seo, d’fhéadfaí a cheapadh gurb é an juice atá á fhuadach ó áit phoiblí! Ach ní hé sin an bhrí a bhaineann leis an téarma. Is cibear-ionsaí é a dhéantar ar shonraí atá ar ghléas móibíleach le linn a luchtaithe, coincheap atá intuigthe ón téarma Gaeilge.

Ach i gcásanna áirithe, feictear nach mbíonn aon dul as ach téarma fada ilfhoclach a chur ar théarma aonfhoclach an Bhéarla chun an bhunbhrí a thabhairt slán. Mar shampla tugadh ‘seoltóir turscair trí theachtaireachtaí meandracha’ ar spimmer.

Is toradh iad na téarmaí seo ar thaighde atá ar siúl in Fiontar le breis agus bliain anuas. Tá coincheapa úra á dtiomsú ag Fiontar (faoi chonradh 2014–2017) i réimsí ilghnéitheacha síorathraitheacha na ríomhaireachta agus na ríomheolaíochta. Ba í an chéad bhaisc a cuireadh leis an mbailiúchán Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise ná na meáin shóisialta agus bhain an dara baisc le cúrsaí ríomhchluichíochta. Faoi láthair táimid i mbun an bhuntaighde (coincheapa, sainmhínithe, réimsí, téarmaí agus moltaí Gaeilge) ar théarmaí faoin réimse ollmhór “Aipeanna/Bogearraí” agus pléifear téarmaí faoin teideal “Rialú Leagain” ag an gcéad chruinniú eile den fhochoiste.

Pléann baill an fhochoiste téarmaí nua-aimseartha a bhaineann go sonrach le réimse na teicneolaíochta faisnéise ag na cruinnithe míosúla seo. Táimid fíorbhuíoch de bhaill an fhochoiste atá ag freastal ar na cruinnithe míosúla ó cuireadh tús leo i mí na Nollag 2014 agus de na saineolaithe eile a bhíonn ag saothrú leo ar eislíon inmheánach Fiontar idir na cruinnithe.