Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí téarma.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar tearma.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuil úsáideoirí tearma.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, san Iodáil agus i Vítneam fiú, i measc tíortha eile.

Rangaíodh na moltaí a tháinig isteach de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos. Is cúis áthais dúinn go raibh cuid de na moltaí ar an liosta oibre reatha againn cheana.

Moladh arís i mbliana áiseanna breise atá ar fáil ar tearma.ie a chur chun cinn ar bhealach níos fearr. Is iomaí áis atá ar an suíomh nach bhfuil an pobal ar an eolas fúithi, mar shampla, an liosta foilseacháin. Tá sé i gceist againn blagmhíreanna a scríobh amach anseo maidir leis na hacmhainní seo chun aird a tharraingt orthu.

Luadh moltaí maidir le réimsí nua téarmaíochta a d’fhéadfaí a a fhorbairt agus cuireadh iad sin chuig an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge, atá freagrach as cinntí straitéiseach den chineál sin. Ar an dóigh chéanna, cuireadh moltaí a bhain le leasuithe suntasacha ar dhearadh agus leagan amach an tsuímh chucu chomh maith.

Moladh liostaí de na téarmaí nuafhaofa a shocraíonn an Coiste Téarmaíochta gach mí a fhoilsiú in áit fheiceálach ar an suíomh go tráthrialta. Is moladh breá é sin agus ceann eile a phléifear leis an gCoiste Téarmaíochta.

Moltaí:

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 2014 atá le feiceáil sa bhlagmhír seo a foilsíodh anuraidh.

Moladh: Na feidhmeanna cuardaigh ar an suíomh a fheabhsú.

Freagra: Luaigh cúpla úsáideoir nach raibh siad iomlán sásta leis an gcuardach ar tearma.ie. Luadh nach nglactar le ‘botún litrithe dá laghad’ sa chuardach ar tearma.ie i gcomparáid le cuardach Google. Is fíor gur cuardach éagsúil ó chuardach Google atá ar shuíomh tearma.ie, ach ní fíor nach nglactar le botún litrithe. Soláthraítear ‘téarmaí cosúla’ sa bhosca cuardaigh mar chuid de gach cuardach, fiú má bhíonn toradh leis an gcuardach. Féach thíos, mar shampla:

É sin ráite, tá athbhreithniú ar fheidhmeanna cuardaigh shuíomhanna Fiontar uile ar an liosta oibre againn cheana. Tá sé i gceist againn aghaidh a thabhairt ar an ngné seo le linn 2016 agus díriú ar na rialacha a bhaineann leis na cuardaigh reatha chun iad a fheabhsú.

Moladh: Tuilleadh abairtí samplacha/samplaí úsáide a chur ar fáil.

Freagra: Fuarthas an moladh seo anuraidh chomh maith agus cé go ndéantar gach iarracht samplaí agus eolas breise eile ar nós sainmhínithe a sholáthar nuair is féidir, níl sé d’acmhainn ag foireann tearma.ie a leithéid a dhéanamh go córasach. É sin ráite, foinse an-luachmhar is ea Nua-Chorpas na hÉireann chun tuiscint níos fearr a fháil ar úsáid téarma ar leith.

Mar eolas – gach uair a fheictear an deilbhín seo

in aice le téarma Gaeilge ar tearma.ie, is féidir cliceáil ar an deilbhín chun samplaí úsáide an téarma sin a chuardach i Nua-Chorpas na hÉireann.

Moladh: Aicearra ag teastáil le dul ar ais chuig an mbosca cuardaigh ó áit ar bith ar an leathanach.

Freagra: Tá cnaipe mar seo curtha againn ar leathanach na mblagmhíreanna ar gaois.ie le déanaí. I gcás gaois.ie, preabann lógó an tsuímh aníos nuair a bhítear ag scrollú trí liosta na mblagmhíreanna. Treoraítear ar ais chuig barr an leathanaigh tú má chliceáiltear air. Tá sé i gceist againn rud cosúil leis an aicearra sin a chur ar fáil ar shuíomhanna uile Fiontar amach anseo.