Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar shuíomh Dúchas.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Ar an iomlán, tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí an-sásta le Dúchas.ie, cúis mhór sásaimh dúinn. Bhain an chuid is mó de na moltaí le Meitheal Dúchas.ie seachas le Dúchas.ie féin. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos.

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 20152014.

Moladh: Rogha a bheith ag an úsáideoir tras-scríobh a dhéanamh ar an scéal ar Mheitheal Dúchas.ie nó é a chaighdeánú/leagan caighdeánaithe den scéal a chur ar fáil/an t-ábhar tras-scríofa a bheith inchuardaithe.

Freagra: Is é is aidhm do Mheitheal Dúchas.ie ábhar a thras-scríobh go díreach mar a breacadh síos é an chéad lá riamh sna 1930idí. Dá bhrí sin, tá corpas breise á chruthú ag baill den Mheitheal ina dtugtar léargas ar an teanga labhartha le linn na tréimhse úd – go háirithe i gcás na Gaeilge agus i gcás cuid de na canúintí atá imithe i léig i gcaitheamh na mblianta. Tugtar léargas faoi leith ar an teanga a labhraítí beagnach 100 bliain ó shin sna scéalta i mBailiúchán na Scol agus d’fhéadfadh go mbeadh spéis ag an bpobal agus ag taighdeoirí sa chorpas seo amach anseo.

Is féidir cuardach inmheánach a dhéanamh ar aon ábhar a thras-scríobhtar ar shuíomh Dúchas.ie. Ina ainneoin sin, ní aimseofar an t-ábhar cuí i gcónaí mar gheall ar éagsúlachtaí litrithe (agus earráidí cló ar uairibh) sa bhunábhar a breacadh síos. Chuige sin, tá foireann Dúchas.ie ag iarraidh úsáid a bhaint as bogearra trínar féidir caighdeánú uathoibríoch a dhéanamh ar ábhar tras-scríofa amach anseo. Tá muid ag súil go mbeidh muid in ann an bogearra a úsáid go héifeachtach sa tionscadal seo. Is léiriú ar thábhacht na Meithle é seo, ní hamháin le hábhar a chur ar fáil ar bhealach níos soléite agus inchuardaithe ach d’éascófaí obair na Meithle dá mbeifí in ann an t-ábhar tras-scríofa a chur ar fáil don phobal i nGaeilge na linne seo. Idir an dá linn, déanann foireann Tuairisc.ie tras-scríobh ar scéal amháin as Bailiúchán na Scol i nGaeilge chomhaimseartha agus foilsítear ar Tuairisc.ie é go tráthrialta. Tá an mhír is déanaí ar fáil ag an nasc seo.

Moladh: Fóram a chruthú do bhaill Mheitheal Dúchas.ie chun ceisteanna a phlé/teagmháil a dhéanamh le tras-scríobhaithe eile.

Freagra: Léiríodh spéis i dteagmháil a dhéanamh le baill eile den Mheitheal le cúrsaí tras-scríofa a phlé agus comhrá ginearálta faoin ábhar a dhéanamh. Mar fhreagra ar an iarratas seo, tá sé i gceist ag foireann Dúchas.ie grúpa a chruthú ar Facebook agus tabharfar cuireadh do bhaill na Meithle páirt a ghlacadh ann.

Moladh: Tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh ar an ábhar a thras-scríobhtar a shábháil agus é a chailliúint. Moladh feabhsú a dhéanamh ar an gcomhéadan úsáidte le breathnú ar na híomhánna chomh maith.

Freagra: Déanfar athdhearadh ar shuíomh Dúchas.ie níos déanaí i mbliana agus cuirfear na moltaí seo san áireamh agus an suíomh nua á fhorbairt againn.