Gaois

Torthaí ó shuirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie

Foilsíodh an chéad suirbhé bliantúil ar dúchas.ie.ie idir 15 Eanáir agus 6 Feabhra chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Fuaireamar amach go bhfuil úsáideoirí dúchas.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan, sna Stáit Aontaithe, sa Rúis, san Éigipt agus i gCríoch Lochlann i measc tíortha eile.

Tugadh neart moltaí spéisiúla dúinn mar chuid den suirbhé agus rangaíodh iad de réir catagóirí éagsúla. Pléifear cuid de na moltaí thíos.

Beidh sibh sásta a chloisteáil go raibh roinnt moltaí a fuaireamar ón suirbhé ar an liosta oibre reatha cheana:

  • Innéacs ábhair/cuardach de réir ábhair: Tá muid ag obair ar chuardach de réir topaicí a fhorbairt agus tá súil againn leagan de sin a chur beo roimh an samhradh.
  • Tuilleadh contaetha a chur leis an suíomh: Tá contaetha á gcur leis an suíomh go leanúnach. Cuireadh ábhar ó Co. Chiarraí agus Co. Chill Dara leis an suíomh le linn mhí Aibreáin. Tá sé i gceist go mbeidh ábhar Shligigh agus Mhuineacháin réidh le cur ar an suíomh go luath.
  • Leagan téacs inchuardaithe den ábhar a chur ar fáil: Is chuige seo a cuireadh tús leis an bhfothionscadal Meitheal Dúchas.ie. Iarrtar ar bhaill den phobal ábhar atá ar an suíomh faoi láthair a thras-scríobh mar théacs agus cuirfear ar fáil ar an suíomh é. Tá tuilleadh eolais faoin Meitheal agus conas páirt a ghlacadh inti ar fáil anseo.

Seo cuid de na moltaí a fuaireamar sna suirbhéanna atá curtha leis an liosta oibre:

  • Bheith in ann scéal/imleabhar iomlán a íoslódáil mar .pdf seachas gach leathanach a íoslódáil mar .jpg.
  • Dréachtsceideal foilsithe na gcontaetha a chur ar fáil ar an suíomh.

Luadh cúpla moladh nó easnamh sna suirbhéanna a chuir in iúl don fhoireann nach bhfuil roinnt úsáideoirí ar an eolas faoi na háiseanna ar fad atá ar fáil ar an suíomh. Seo thíos cuid acu mar eolas mar aon le freagraí ar chúpla ceist eile:

Moladh/Easnamh: ‘Míniú ar aidhmeanna agus scóip an tsuímh in easnamh’

Freagra: Mínítear sprioc dúchas.ie sna leathanaigh eolais ag http://duchas.ie/ga/info. Tá bróisiúr eolais an tionscadail ar fáil le híoslódáil ann chomh maith. Mínítear céimeanna an tionscadail go mion ar na leathanaigh céanna (féach anseo).

Moladh/Easnamh: ‘Níos mó áiteanna a bheith luaite agus ábhar ag dul níos faide siar’

Freagra: Mar a mhínítear sna leathanaigh eolais, beidh tionscadal dúchas.ie ag díriú go príomha ar Bhailiúchán na Scol idir seo agus deireadh 2016. Baineann an bailiúchán sin le háiteanna agus le tréimhse ar leith, bunscoileanna sna 26 contae idir 1937-1939. Tá ábhar na mbailiúchán éagsúil eile atá mar chuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann mínithe sna leathanaigh eolais ar dúchas.ie.

Moladh/Easnamh: ‘Rogha Gaeilge a chur ar fáil mar atá ar suíomhanna eile de chuid Fiontar’ agus ‘An ceistneoir a bheith ar fáil as Gaeilge as seo amach’

Freagra: Tá rogha Gaeilge ar fáil ar bharr ar chlé ar shuíomh dúchas.ie. Cuireadh leagan Gaeilge den cheistneoir ar fáil i mbliana, scaipeadh an nasc i Nuacht na Seachtaine (cláraigh anseo) agus sa bhosca fógraí ar dúchas.ie. Déanfar amhlaidh gach bliain as seo amach chomh maith.

Moladh/Easnamh: ‘Leabharliosta a luann foilseacháin ina ndéantar tagairt de Bhailiúchán na Scol’

Freagra: Tá liosta foilseachán faoi na teidil ‘Cúlra agus stair na Scéime’, ‘Saothair atá bunaithe go hiomlán ar an mbailiúchán’, ‘Saothair ina bhfuil ábhar suntasach ón mBailiúchán le fáil’ agus acmhainní eile ar fáil sna leathanaigh eolais ar dúchas.ie (féach anseo).

Moladh/Easnamh: ‘Fuinneog níos mó a chur ar fáil leis an ábhar a léamh níos éasca ’

Freagra: Tá rogha ann an t-ábhar a fheiceáil ar fhuinneog a phreabann amach. Is féidir é seo a dhéanamh trí chliceáil ar an gcnaipe ar bharr ar dheis an íomhá (cearnóg le ceithre shaighead atá ann).

Cuireann muid fáilte roimh mholtaí feabhais am ar bith, ar ndóigh: eolas@duchas.ie.