Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2014 ar úsáideoirí focal.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar focal.ie ag deireadh 2014 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tháinig ardú 68% ar líon na bhfreagraí ó shuirbhé 2013 agus fuaireamar amach go bhfuil úsáideoirí focal.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus san Iodáil i measc tíortha eile.

Tugadh neart moltaí spéisiúla dúinn mar chuid den suirbhé agus rangaíodh iad de réir catagóirí éagsúla. Pléifear cuid de na moltaí ó shuirbhé 2014 thíos.

Beidh sibh sásta cloisteáil go raibh roinnt moltaí a fuaireamar mar chuid den suirbhé ar an liosta oibre reatha cheana.

  • Seans go bhfuil cuid agaibh páirteach sa turgnamh @tearmai_teic ar Twitter a thosaigh mí Dheireadh Fómhair 2014. Baineann an turgnamh seo le téarmaíocht a bhaineann leis na meáin shóisialta, aipeanna agus gléasanna móibíleacha a thiomsú, réimsí a mhol sibh sa suirbhé. Is féidir tuilleadh a léamh faoi anseo.

  • Moladh go gcuirfí áiseanna eile atá ar fáil ar focal.ie chun cinn ar bhealach níos fearr. Is iomaí áis atá (i bhfolach, b’fhéidir) ar an suíomh nach bhfuil an pobal ar eolas fúthu, an Cúrsa Scileanna Téarmeolaíochta, mar shampla. Tá sé i gceist amach anseo go luafar na háiseanna seo i Nuacht na Seachtaine agus sa bhosca fógraí ó am go chéile le haird a tharraingt orthu.

Mhol cúpla duine i mbliana go mbeadh sé níos éifeachtaí don úsáideoir dá dtaispeánfaí torthaí uile an chuardaigh ar aon leathanach amháin seachas thar cúpla leathanach. Bhíodh an cur chuige seo i bhfeidhm go dtí cúpla bliain ó shin ach leasaíodh é le huasmhéid 200 toradh a thaispeáint ar aon leathanach amháin (ar iarratas ó úsáideoirí). Tógann sé níos mó ama ar leathanach gréasáin lódáil de réir líon na dtoradh, mar sin dá mbeadh na céadta toradh le giniúint le taispeáint, chuirfeadh sé sin le ham lódála an leathanaigh.

Luadh moltaí chomh maith a bhaineann le hobair an Choiste Téarmaíochta ó cheart agus cuirfear ar aghaidh chucu iad.

  • Luadh nach bhfuil sé soiléir cén leagan den Chaighdeán Oifigiúil atá in úsáid agus gur chóir aghaidh a thabhairt air seo.

  • Moladh tuilleadh forbartha a dhéanamh ar réimsí téarmaíochta ar nós na heolaíochta, na teangeolaíochta agus na sochtheangeolaíochta.

  • Moladh liostaí de théarmaí nuafhaofa ag an gCoiste Téarmaíochta a fhoilsiú in áit fheiceálach ar an suíomh go tráthrialta.

Luadh cúpla moladh a chuir in iúl d’fhoireann focal.ie go bhfuil míthuiscint ar roinnt úsáideoirí maidir le feidhm focal.ie. Luaitear cuid acu thíos mar shoiléiriú agus mar thacaíocht don úsáideoir:

Moladh: Ba chóir go mbeadh gnáthfhocail (seanfhocail, nathanna cainte etc.) atá i bhfoclóirí eile ar fáil ar focal.ie.

Freagra: Ní foclóir é focal.ie, bunachar téarmaíochta atá ann. Tá leagan leictreonach d’fhoclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill ar fáil ag breis.focloir.ie agus tá cuimse gnáthfhocal le fáil san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ag focloir.ie. Is éard atá ar focal.ie ná bunachar téarmaí (seachas focail). Cliceáil anseo do mhíniú ar céard is téarma ann. Ar ndóigh, ní bhíonn an t-idirdhealú idir téarma agus focal beacht soiléir i gcónaí ach déantar iarracht i gcoitinne gnáthfhocail laethúla a fhágáil as an áireamh ar focal.ie. Thar na blianta, thiomsaigh foireann Fiontar cnuasaigh nua i réimsí éagsúla (ríomhaireacht, ealaín agus spórt ina measc) agus chuir an Coiste Téarmaíochta na téarmaí seo ar fáil ar focal.ie, chomh maith le mórobair an Choiste féin.

Moladh: Moladh go liostálfaí foirmeacha éagsúla an bhriathair ar focal.ie.

Freagra: Mar a luadh thuas, is bunachar téarmaíochta é focal.ie mar sin ní hé sin an fheidhm atá ag an suíomh. Bíonn foirmeacha infhillte etc. ar fáil ar breis.focloir.ie agus ar acmhainní teanga eile ar líne.

Moladh: Luadh easpa logainmneacha a bheith ar focal.ie.

Freagra: Bunachar téarmaí agus ní bunachar logainmneacha atá in focal.ie. Tá Bunachar Logainmneacha na hÉireann ar fáil ag www.logainm.ie. Cuireadh roinnt logainmneacha, go háirithe ainmneacha tíortha eachtrannacha, le focal.ie le linn Chéim III den tionscadal. An treoir a tugadh don tasc ag an am ná tíortha neamhspleácha agus a bpríomhchathracha a ionchur agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil sa bhailiúchán ‘Ainmneacha Tíortha, Ciníocha agus Teangacha’.

Is léir ón torthaí seo gur modh luachmhar éan suirbhé le haiseolas a fháil ó phobal úsáideoirí focal.ie agus táimid fíorbhuíoch de gach duine a thóg an t-am le haiseolas agus moltaí a roinnt linn.