Gaois

Treochtaí éagsúla i measc na gcuardach ar téarma.ie

Blog post is available in Irish only

Má bhreathnaítear ar shonraí anailísíochta téarma.ie, is féidir scéalta agus nithe tráthúla ó thréimhsí ar leith a mhapáil ar threochtaí cuardaigh ar an suíomh. Tabharfar spléachadh sa bhlagmhír seo ar roinnt de na téarmaí ba mhó cuardach le roinnt blianta anuas chun an leanúnachas idir na scéalta agus nithe tráthúla sin agus na cuardaigh a rinneadh ar an suíomh féin a chur in iúl.

Thar aon téarma tráthúil eile le níos mó ná trí bliana anuas, is léir ó na treochtaí cuardaigh go raibh ‘Brexit’ i mbéal an phobail go han-mhinic.

Fograíodh Brexit go hoifigiúil ar an 29 Márta 2017 agus de réir mar a fheicimid thuas, bhí borradh suntasach i líon na gcuardach don téarma sa bhunachar. Beagnach dhá bhliain ina dhiaidh sin agus Theresa May fós ag iarraidh teacht ar réiteach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, tá ceist an chúlstop fós le sárú. Dá bharr seo, ní díol iontais é gur tháinig méadú suntasach ar éileamh an téarma sa bhunachar i dtreo dheireadh na bliana seo caite. Léiríonn an graf thíos borradh ar leith i mí na Samhna seo caite nuair a thug Theresa May ráiteas do Theach na dTeachtaí i Londain faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

Cuardach suimiúil eile is ea ‘election’ a áiríonn téarmaí gaolmhara ar nós ‘presidential election’ agus ‘general election.’ Sa ghraf thíos, feictear ardú mór i líon na n-amas ag tús 2016. Baineann an t-ardú seo leis an bhfeachtas Poblachtánach agus Daonlathach d’uachtaránacht Mheiriceá nuair a bhí na hiarrthóirí ón dá pháirtí fós san iomaíocht le bheith mar ionadaí na bPoblachtánach agus na nDaonlathach faoi seach. Ag leanúint ar aghaidh sa bhliain chéanna, feictear borradh eile i líon na n-amas le linn thoghchán na hUachtaránachta féin i mí na Samhna 2016. Feictear borradh eile i measc na gcuardach seo ag deireadh na bliana seo caite agus toghchán uachtaránachta na hÉireann i mbéal an phobail.

Treochtaí maidir le ‘election

I mí an Mhárta seo caite, bhris roinnt eagraíochtaí nuachta an scéal gur baineadh mí-úsáid as sonraí na milliún úsáideoirí ar Facebook. Ar shuíomh téarma.ie, chonacthas borradh ollmhór i measc na dtéarmaí a bhaineann le ‘data’ ar nós ‘data protection,’ ‘data controller’ agus ‘General Data Protection Regulation’ le linn na tréimhse sin.

Treochtaí maidir le ‘data

Scéal tráthúil eile in 2018 ab ea an reifreann stairiúil maidir leis an rogha a thabhairt do mhná ginmhilleadh a fháil in Éirinn. Sa ghraf thíos, feictear treochtaí maidir leis an téarma ‘abortion’ i gcaitheamh 2018. Lena chois sin, chonacthas treochtaí cosúla i gcás téarmaí eile a bhain leis an ábhar seo ar nós ‘repeal’ agus ‘amendment.’ Feictear borradh ar leith sna cuardaigh a rinneadh ar ‘abortion’ i mí Feabhra 2018 nuair a fógraíodh go hoifigiúil go ndéanfaí reifreann a reáchtáil. Feicimid go dtagann borradh suntasach eile ar na téarmaí sin i mí na Bealtaine le linn an reifrinn féin. I dtreo dheireadh na bliana i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair, chonacthas ardú eile agus toradh an reifrinn á chur i bhfeidhm ag an Oireachtas.

Treochtaí maidir le ‘abortion

I measc scéalta eile le linn 2018, chonacthas torthaí soiléire an athraithe aeráide agus falscaithe millteanacha in iardheisceart na hEorpa mar aon le California. Anuas air seo, bhí an triomach ba mheasa le blianta beaga anuas in Éirinn. Níl sé ina ábhar iontais mar sin gur tháinig méadú suntasach sna cuardaigh a rinneadh ar théarmaí ar nós ‘heatwave’ agus ‘wildfire’ le linn shamhradh na bliana seo caite.

Heatwave

Wildfire

Ag leanúint ar aghaidh le téama an athraithe aeráide, fógraíodh in alt de chuid National Geographic i mí Lúnasa 2018 go raibh leath den Mhórsceir Bhacainneach marbh. Dá bharr sin, chonacthas ardú i líon na gcuardach do théarmaí ina luaitear ‘coral’ ar nós, ‘coral reef’ agus ‘coral bleaching.’

Treochtaí maidir le ‘coral

Gné mhíthaitneamhach de nuacht ár linne ia ea na tuairiscí rialta faoi chúrsaí sceimhlitheoireachta. Le linn na n-ionsaithe seo, ní nach ionadh go mbíonn an téarma ‘terrorist attack’ ar cheann de na téarmaí is mó cuardach ag an bpobal sa bhunachar téarmaíochta. Léiríonn an borradh is mó sa ghraf thíos an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i bPáras i mí na Samhna 2015. Feictear borrthaí éagsúla eile le linn na mblianta as sin amach sa bhunachar inar féidir na hamais a mhapáil ar eachtraí sceimhlitheoireachta eile a tharla timpeall an domhain.

Treochtaí maidir le ‘terrorist

Feicfimid linn cé na treochtaí a thitfidh amach i mbliana agus cé na téarmaí a ghabhfaidh leo.

Údar: Jamie Murphy