Gaois

Turas Naomh Pádraig Timpeall na hÉireann

Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus is iomaí cineál ceiliúrtha a dhéanfar ar an 17 Márta timpeall na cruinne ar fad. Faightear léargas ar chuid de na sean-nósanna a bhaineann le féile naomhphátrún na hÉireann sa bhlagmhír seo, mar shampla, caitheamh na seamróige, Cruach Phádraig agus turas Phádraig a dhéanamh. Anuas ar na scéalta béaloidis a bhaineann le Pádraig, is léir gur fhág sé rian ar logainmneacha na tíre chomh maith. Caitear súil thíos ar chuid de na logainmneacha a bhaineann le Pádraig.

Thaistil Pádraig ar fud na hÉireann le linn an cúigiú haois ag iarraidh an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh. Cé nach luann sé ach áit amháin go sonrach ina scríbhinní féin, is é sin, Silva Focluti, d’fhág sé rian ar go leor áiteanna eile sa tír. Feictear an rian sin in ainmneacha bailte fearainn agus ainmneacha mionghnéithe tíre ar nós bealaí, carraigeacha agus toibreacha. Breathnófar ar chuid de na logainmneacha is cáiliúla anois.

1. Sliabh Mis, Co. Aontroma:

Deirtear gur tógadh Pádraig go hÉirinn nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d’aois. Feirmeoir darbh ainm Miolchú a cheannaigh é mar sclábhaí agus bhí ar Phádraig aire a thabhairt dá chaoirigh ar Shliabh Mis. D’fhan sé ceithre bliana ann sular éirigh leis éalú agus ba ansin a chuala sé glór Dé don chéad uair.

Sliabh Mis

2. Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí:

Deirtear go ndeachaigh Pádraig go Teamhair agus é ag iarraidh Críostaí a dhéanamh den Ardrí, Lóeguire mac Néill. Thug an tArdrí an chluas bhodhar do Phádraig agus níor lig sé dó an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh i measc na nGael.

Bhíodh sé de nós ag daoine tine a lasadh an tráth úd chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile na Bealtaine gach bliain. Las Naomh Pádraig tine ar Mhullach Bhaile Shláine sular las an tArdrí tine ar Theamhair le haghaidh fhéile na Bealtaine. Ní thugtaí cead d’aon duine, ach amháin an tArdrí, tine a lasadh ar an oíche sin agus bhí Lóeguire ar deargbhuile leis. Tugadh Pádraig os comhair an Ardrí, ach tháinig athrú intinne ar Lóeguire nuair a rinne Pádraig míorúiltí éagsúla. Thug sé cead do Naomh Pádraig an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh agus ba é Lóeguire an chéad duine a bhaist sé.

3. Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann:

Cé go bhfuil an-cháil ar The Rock of Cashel i mBéarla, is minic a thugtar Patrick’s Rock air chomh maith. Tháinig Pádraig go Caiseal chun Rí na Mumhan, Aonghus, a bhaisteadh. Ócáid mhór ab ea é mar bhí deireadh tar éis teacht le haimsir na págántachta i gCúige Mumhan agus tugadh cuireadh do na céadta duine freastal ar an ócáid. Tá cuimhne ar an lá fós toisc gur chuir Pádraig a bhachall trí chos Aonghusa le linn an tsearmanais agus níor tháinig drud as Aonghus. I ndiaidh an bhaiste, d’fhiafraigh Naomh Pádraig d’Aonghus faoina chiúnas agus dúirt sé gur cheap sé gur chuid den searmanas a bhí ann!

4. Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo:

Is é Cruach Phádraig an láthair is mó a luaitear le Pádraig sa lá atá inniu ann. De réir an tseanchais, chuaigh an naomh ar oilithreacht go dtí barr an tsléibhe daichead lá roimh an gCáisc. Chaith sé daichead lá agus daichead oíche ann ag déanamh troscaidh agus ag guí. Deirtear gur dhíbir sé na déithe págánacha agus na deamhain as an tír i gcaitheamh na tréimhse sin. Is féidir scéal suimiúil faoi throscadh Naomh Pádraig a léamh anseo i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie.

Cruach Phádraig

5. Purgadóir Phádraig ag Loch Dearg, Co. Dhún na nGall:

Cé nach bhfuil fianaise dhaingean ann go raibh Pádraig ar Loch Dearg riamh, creidtear gur chuir sé purgadóir de ar oileán ar Loch Dearg i nDún na nGall agus tháinig sé slán lena scéal a insint. Is suíomh oilithreachta é Loch Dearg ó aimsir na meánaoiseanna ar aghaidh agus tá cáil air fós sa lá atá inniu ann.

6. Dún Pádraig, Co. an Dúin:

Ba i nDún Pádraig a chuir Pádraig tús lena mhinistreacht agus ba ann a cuireadh é i ndiaidh a bháis. Tógadh an chéad eaglais ar an suíomh seo in ómós do Naomh Pádraig agus tá a uaigh le feiceáil i reilig na hardeaglaise. Tá carraig mhór eibhir os comhair na huaighe agus ‘Patraic’ greanta air go simplí.

Dún Pádraig

Níl anseo ach blaiseadh beag de na logainmneacha a bhaineann le Naomh Pádraig ar www.logainm.ie. Ar chaith sé seal i do cheantar riamh? Déan cuardach anois agus faigh amach!

Údar: Michelle Dunne (Cúntóir Taighde)