ceo a thógáil dá chroí
Figurative idiomHeadwords
Description
Croí, meanma an duine a ardú.
Corpus examples
Bhí nídh agam tamall ó shoin a thógadh an ceó dem' chroidhe, agus is le crónán a dheineadh sé é. Thagadh an ceó ar mo chroidhe go minic agus go trom. Annsan do déintí an crónán dom, agus do thógadh an crónán san an ceó dem' chroidhe.
Sa n-am 'n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin.
Ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuídhin eile, 'ná oiread agus aon duine amháin ag teacht sa tslígh ar dhuine eile. Thógfadh sé an ceó de d' chroídhe bheith ag féuchaint ortha ag gluaiseacht chómh breágh, chómh daingean, chómh stuama.
Usage
Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: dearcadh.
Additional examples
2. Bhí ceo ar a croí, her heart was clouded with sorrow.