Gaois

an leabhar a thabhairt

Pure idiom

Headwords

leabhar, tabhair

Description

A bheith lánchinnte; dearbhú.

Corpus examples

  • "Thabharfainn féin an leabhar" arsa'n fear, "gur airigheas préamhacha mo chluaise dá mbriseadh nuair a bhí sí ag teacht liom amach óm' cheann, agus annsan thabharfainn an leabhar go raibh sí im' láimh agam agus gur mhothuigheas a croiceann agus a féithleóg, go dtí gur bhuail sé buille dhá bhais sa leath-cheann orm.

  • "Cé h-é sin?" ar sise. D'aithnigheas í laithreach. D'innseas di cé 'r bh' é mé. Cailín de mhuíntir Luasa ab eadh í. Nuair a bhíos ag dul isteach sa chlós san thabharfainn an leabhar gur isteach i gclós Mhichíl Bhreathnaig thoir ar Gleann Daimh a bhíos ag dul.

  • Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól.

Cross-references

Additional examples