Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
a chroí ina chloch agus a cheann ina cheo agus a aigne ina tulach ceárta
Pure idiom
Headwords: aigne, ceann, ceárta, ceo, cloch, croí, tulach
Description:
Ceann duine curtha ar strae mar gheall ar dhobrón; meascán mearaí ar dhuine.
Corpus examples
"Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam 'na teannta," ar seisean, "ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra, ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú.Ní bhéadh mo chroídhe 'na chloich agus mo cheann 'na cheó agus m' aigne 'na tulach cheardchan mar atá.
Source
Séadna
Page
93
"Seachas í siúd!" arsa Séadna. "Ní cuimhin liom a leithéid. Cé r' bh' í féin? Cuir a h-ainim uirthi dhom. Cruinnigh do chaint. Cuir uait an fhánaidheacht." "An bhean a dhéin cloch de d' chroídhe agus ceó de d' cheann agus tulach ceardchan de t' aigne! An bhfuil san cruinn a dhóithin duit?" arsa 'n Fear Dubh.
Source
Séadna
Page
272
Extra examples
mo chroidhe 'na tulach ceárdcha(n), my heart as black as may be.
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
tulach
Tá m'aigne 'na theallach ceárdchan. Tá m'aigne 'na mheascán mearaidhe; ana-mhór tré n-a chéile.
Source
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Page
24
Additional explanation
Cuir sí ar strae é – meascán mearaí air – couldn't think straight.
Cuir isteach go mór air i dtreo is ná féadfadh sé machnamh i gceart mar go raibh sé chomh corraithe sin.
A ceann a chur ar fán/strae.
Chuir sí a cheann ar strae.
An bhean a chuir mearbhall ort.
gaois.ie