Gaois

ar thalamh (tirim) na hÉireann

Semi-idiom

Headwords

Éire, talamh

Description

Áit ar bith.

Corpus examples

  • "Dá mbeadh aon phioc dá fhios agat-sa cad a bhaineann le ceól, bheadh 'fhios agat nár bh'fhéidir d'Ó Domhnaill ná d'aon Ó eile ar thalamh na hÉireann lucht ceóil ab fhearr 'ná an lucht ceóil seo do bheith aige," ar seisean.

  • Bhí bog-fheaduíol na bhfear, agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh ar siúbhal chómh dian agus dá mba ná béadh bróg ná buatais d'á dhéanamh i n-aon bhall eile ar thalamh tirim na h-Éirean.

  • Ní dóich liom go bhfuil an fear san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean do bhainfeadh ceart de Shadhbh.

Usage

Cuireann 'tirim' béim bhreise ar an nath.