Gaois

dá bhfaigheadh sé Éire (ar)

Pure idiom

Headwords

Éire, faigh

Description

Gníomh nach ndéanfar riamh, is cuma cén spreagadh a gheofar.

Corpus examples

  • B'é crích an sgéil é go dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h-oídhche a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air.

  • Chuir sé chun éirighthe ach do theip air éirghe. Dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé éirghe. D'iomloisg sé é féin ar an mbóthar cúpla uair, a d'iarraidh teacht ar a bhonnaibh.

  • Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann. Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh! arsa Gormfhlaith go soilbhir. Is fada na feacamair thu, ar sisé, agus shín sí a lámh chuige agus gáire 'n-a snua. Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé focal do labhairt.

Usage

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Additional examples