Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
(duine) a bhaint dá bhoinn
Figurative idiom
Headwords: bonn, bain
Description:
Leagadh a bhaint as duine.
Corpus examples
D'á ghéire thabharfá tuairim fé'n gcaint a bhéadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chaint bhéadh sí seacht míle ó'n dtuairim. Ach do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná béadh coinne agat leis agus a bhainfeadh ded' bhonnaibh thú.
Source
Séadna
Page
126
Cross-references
teacht aniar aduaidh (ar)
Extra examples
1. Duine a bhaint, a chur, dá bhoinn; na boinn a bhaint ó dhuine, to knock someone off his feet; to trip someone up.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
bonn
Cuirim (bainim) dá bhonnaibh é, I upset or undermine him
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
bonn
Is suarach an rud a bhaineadh ded bhonnaibh uaireannta tú. Is beag an rud a dhéanfadh dochar duit uaireannta. Is beag an rud a chuirfeadh ar lár tú.
Source
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Page
81
Baineadh dá bhonna é: baineadh preab as.
Source
Lán-chúrsa na Gaeilge (Ó Riain 1952)
Page
59
gaois.ie