Gaois

sna trithí (dubha) gáire

Semi-idiom

Headwords

dubh, gáire, tritheamh

Description

Sna harraingeacha ag gáire.

Corpus examples

  • Ba shuarach an taca an Calacholg i gcoinnibh do chlaidhimh-se, dá mbéadh sé agat. Chuir san an chuideachta airís ins na trithíbh gáirí. Níor labhair Eisirt focal.

  • Fé dheire do phléasg an gháire amach d'á aimhdheóin. Chuaidh sé in sna trithíbh dúbha ag gáirí. Nuair a bhíodh tritheamh curtha dhe aige thagadh tritheamh ba dhéine 'ná san air,

  • Do chasadh sé agus do lúbadh sé an ceól i dtreó gur dhóich leat gur rud éigin beó a bhí ann agus bhíodar féin ag dul insna trithíbh dubha ag gáiridhe nuair a chonnacadar an radharc,

Usage

Cuireann 'dubh' béim bhreise ar an nath.

Additional examples