Gaois

ceann a bhaint den scéal

Semi-idiom

Headwords

ceann, scéal

Description

Tús a chur le scéal iomlán a insint; fírinne an scéil a nochtadh.

Corpus examples

  • Do bhog sí a béal chun labhartha fé deire agus do labhair sí. "Tá sé chómh maith agam an ceann a bhaint de'n sgéal duit," ar sise. "Tá oiread anso agus chrochfadh thú seacht n-uaire dá bhfaighfí amach ort é."

  • Dúbhairt sé leis féin ná raibh aon rud dob' fhearra dhó 'ná an ceann a bhaint de'n sgéal agus an fhírinne d'innsint. Bhí a fhios aige go raibh sé féin ag déanamh na h-éagcóra ar an reachtaire, ach ní raibh aon choinne aige go raibh an reachtaire ag déanamh na h-éagcóra air.

  • "Is é céad aitheasg a dhéanfainn-se, a Athair," arsa Seághan, "dul soir go tigh Dhiarmud' Léith agus an ceann a bhaint de'n sgeul láithreach dó féin agus do Shadhbh, agus a innsint dóibh lom díreach ná fuil aon tairbhe sa gheallamhaint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an nduine."

Additional examples