Gaois

néal codlata

Semi-idiom

Headwords

codladh, néal

Description

Suan dá laghad.

Corpus examples

  • Ba chuimhin leis, annsan, gur léigh se i gceann d'á leabhraibh gur ghnáth, go minic, le ridiríbh, nuair a bhíodh oidhche acu 'á thabhairt mar sin i gcoill éigin uaigneach, gan aon néal codlata do thuitim ortha; ach bheith ag cuimhneamh, fan na h-oidhche, ar a spéir-bhean.

  • Tháinig creathán orm agus tháinig fuairthneamh im' ballaibh beatha agus do stad m' anál orm. Níor fhéadas néal a chodla an oidhche sin.

  • Do ghoill an sgéal chómh mór san ar Chonchobhar nár fhan aon dúil aige i mbia ná i ndigh agus ná féadadh sé aon neul de'n oidhche do chodladh.

Usage

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Cross-references

Additional examples