Gaois

na píobáin a bhaint (as)

Pure idiom

Headwords

píobán, bain

Description

Ag troid go fíochmhar.

Corpus examples

  • Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d'iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus ag únfairt a chéile do ghluais an cóiste.

  • Ansan is eadh dh'fhéadfadh sluagh Gall teacht ortha agus gach aon chongnamh a thabhairt dóibh chun bpíopán a bhaint as a chéile. Ansan is eadh bheadh an sgéal ar a dtoil ag daoine de shaghas Bhiongon agus Sior Seón.

Cross-references

Additional explanation

  • "Tear each other asunder"
  • Dhéanfaidís ao' rud chun teacht air (airgead).
  • Go ngortódís a chéille, go ngoinfidís a chéille (sean nath cainnte é seo).
  • Ag stracadh na muineál ag troid, bruíon.
  • Scata ag brú agus ag sáthadh agus ag stracadh (gach duine ag iarraidh an rud (m.sh. sliotar i gcluiche) a fháil do féinig. Contending.